Ansin d'ordaigh Iósaef do na lianna a bhí ina sheirbhís a athair a bhalsamú, agus rinne na lianna Iosrael a bhalsamú.
Matha 26:12 - An Bíobla Naofa 1981 agus nuair a scaoil sí an ola chumhra seo faoi mo chorp, is le haghaidh m'adhlactha a rinne sí é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ag doirteadh na huinniminte seo orm rinne sí réidh mo chorpsa chun a adhlactha. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir ar dhortadh an ungtha seo ar mo chorp dí, is chun m’adhlaicthe a rinne sí é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir, ag doirteadh na h‐uinnimeinte seo ar mo chorp‐sa dhí, is fá chómhair m’adhlaicthe do‐rinne sí é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír ar ndórtadh na holasa ar mo chorpsa dhí, is fa chomhair madhluice do rinne sí é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Mar, nuair a chuir sí seo an ungadh so ar mo chorp-sa, is chun m’adhlactha a dhein sí é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus nuair a scaoil sí an ola chumhra seo faoi mo chorp, is le haghaidh mʼadhlactha a rinne sí é. |
Ansin d'ordaigh Iósaef do na lianna a bhí ina sheirbhís a athair a bhalsamú, agus rinne na lianna Iosrael a bhalsamú.
Chuireadar é sa tuama a d'ordaigh sé a thochailt dó féin i gcathair Dháiví. Leagadar ar chróchar é faoi bhrat spíosraí agus olaí cumhra a ullmhaíodh le healaín an chumhradóra agus d'adhnadar béileach mhór thine ina onóir.
A raibh ar a cumas, rinne sí é; chuir sí ola roimh ré ar mo chorp chun a adhlactha.
Nuair a bhí an tsabóid thart, cheannaigh Máire Mhaigdiléana, Máire máthair Shéamais, agus Salómae, spíosraí chun dul agus é a ungadh.
Ansin, ar dhul ar ais dóibh, d'ullmhaigh siad spíosraí agus olaí cumhra. Agus sa tsabóid, d'fhan siad ina gcónaí do réir na haithne.