Ansin, nuair a bhí an méid sin ráite aige, d'fhág Íosa an Ghailíl agus tháinig go dtí críocha Iúdáia ar an taobh eile den Iordáin.
Matha 26:1 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin, nuair a bhí an méid sin go léir ráite aige, dúirt Íosa lena dheisceabail: An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a bhí na ráite seo uile críochnaithe ag Íosa, dúirt sé lena dheisceabail, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thárla, nuair a chríochnuigh Íosa na briathra seo uilig, dubhairt sé le n-a dheisciobail: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tharla, nuair do bhí na briathra sin go léir críochnuighthe ag Íosa, go ndubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla, an tan do chríochnuigh Iósa na bríathrasa uile, go ndubhairt sé ré na dheisciobluibh, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do tharla, nuair a chríochnuigh Íosa na briathra san go léir, go ndubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin, nuair a bhí an méid sin go léir ráite aige, dúirt Íosa lena dheisceabail: |
Ansin, nuair a bhí an méid sin ráite aige, d'fhág Íosa an Ghailíl agus tháinig go dtí críocha Iúdáia ar an taobh eile den Iordáin.
Nuair a bhí deireadh na cainte sin ráite ag Íosa, bhí ionadh ar na sluaite faoina theagasc;
Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh a lán daoine ón tuath suas go Iarúsailéim roimh an gCáisc chun iad féin a naomhú.