Fágadh an coirpeach a dhrochnós agus fear na hurchóide a bhearta. Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó, agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.
Matha 23:26 - An Bíobla Naofa 1981 A Fhairisínigh dhaill, déan an taobh istigh den chupa a ghlanadh ar dtús, chun go ndéanfaí an taobh amuigh de glan freisin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) A Fhairiséacha dalla, glan an taobh istigh den chupán agus den phláta an chéad uair, ionas go mbeidh an taobh amuigh glan freisin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara A Fhairisínigh dhaill, glan an taobh istigh de’n chupán agus de’n mhéis ar dtús, chun go n-éirighidh an taobh amuigh glan. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) A Fhairisínigh dhaill, glan ar dtús an taobh istigh de’n chupán agus de’n mhéis, ionnas go mbéidh an taobh amuigh glan chómh maith. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A Bhphairisínigh dhoíll, glan ar tús an chuid a sdigh don chupan agus don mhéis, do chum go mbiadh an táobh a muigh dhíobh glan mar an gcéadna. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) A Fhairisínigh dhaill, glan ar dtúis an taobh istigh de’n chupán agus de’n mhéis, ionus go mbeadh an taobh amuigh glan. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 A Fhairisínigh dhaill, déan an taobh istigh den chupa a ghlanadh ar dtús, chun go ndéanfar an taobh amuigh de glan freisin. |
Fágadh an coirpeach a dhrochnós agus fear na hurchóide a bhearta. Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó, agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.
d'adhaltranais, do ghártha macnasa, gráin do striapachais! Ar na cnoic faoin tuaith chonaic mé do nithe gránna. Mairg duit, a Iarúsailéim, atá go fóill neamhghlan! Cá fada duit fós ag leanúint ort mar seo?”
Nigh do chroí ó urchóid ionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim. Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?
Teilgigí uaibh na peacaí uile a rinne sibh orm; agus cothaígí ionaibh féin croí nua agus spiorad nua. Cad chuige gur toil libh bás a fháil, a mhuintir Iosrael?
Déanaigí maith an crann agus maith a thoradh, nó déanaigí olc an crann agus olc a thoradh; óir is ar a thoradh a aithnítear an crann.
Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo áfach: “Tabhair dom anseo ar mhias,” ar sise, “ceann Eoin Baiste.”
agus an rud a thagann ón margadh, ní itheann siad gan uisce a chroitheadh air, agus tá mórán nithe eile a choinníonn siad ó shinsearacht, cupaí a ní agus corcáin agus soithí práis -
Ach dúirt an Tiarna leis: “Sea, is Fairisínigh sibh féin: glanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias, ach tá an taobh istigh díbh lán de shlad agus de mhallaitheacht.
Tógann an dea-dhuine an dea-rud amach as dea-stór a chroí, agus tógann an drochdhuine an drochrud amach as a dhrochstór. Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal.
Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcrích faoi eagla Dé.
Mar sin de, téimis isteach le croí ionraic agus le creideamh iomlán; bíodh ár gcroíthe glan ó gach smál coinsiasa agus ár gcoirp nite le fíoruisce.
Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa. Nígí bhur lámha, a pheacacha, agus glanaigí bhur gcroí, sibhse atá ag cogadh le bhur n‑aigne.