Matha 22:9 - An Bíobla Naofa 1981 Mar sin, téigí sibhse i mbéal na mbóithre poiblí, agus cibé daoine a chasfar oraibh, tugaigí cuireadh chun na bainise dóibh.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Imigí mar sin chun na mbealaí móra, agus tugaigí cuireadh chun na bainise dá dtarlaíonn oraibh.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ar an adhbhar sin, imthighigidh fá na bóithre, agus an méid a chasfar libh, goirigidh chun na bainfheise ortha. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Imthighidh‐se amach, d’á bhrigh sin, ar cheann na mbóthar, agus cibé daoine gheobhas sibh, glaodhaidh ortha chum na bainse. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin imdhighsi a gcomhrac na ród, agus gidh bé ar bith dáoine do gheabhtháoí ann, goiridh chum na bainnse íad. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Imthighidh amach, d’á bhrígh sin, ar na bóithribh agus pé daoine a gheobhaidh sibh, glaoidhidh isteach ortha chun na bainise. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Mar sin, téigí sibh-se i mbéal na mbóithre poiblí, agus cibé daoine a chasfar oraibh, tugaigí cuireadh chun na bainise dóibh.’ |
B'olc an mhaise duit gur sheas tú ag gabhal an bhóthair lena theifigh a theanntú; gur thug tú fuíoll an áir ar láimh, lá a dhuainéise.”
Dúirt siad: ‘Mar nár fhostaigh aon duine sinn.’ Dúirt sé leo: ‘Sibhse freisin, isteach san fhíonghort libh.’
Chuaigh na seirbhísigh sin amach ar na bóithre agus bhailigh siad ar casadh orthu, olc agus maith, go raibh halla na bainise lán de chuideachta.
Ansin dúirt sé leis na seirbhísigh: ‘Tá an bhainis réidh, ach an dream a fuair an cuireadh, níorbh fhiú iad é.
agus go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí á bhfógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim.
Mar sin é an t‑ordú atá faighte ón Tiarna againn: ‘Tá tú ceaptha agam le bheith i do sholas do na náisiúin, ionas go mbeidh tú i d'ábhar slánaithe go himeall an domhain.’ ”
Is mé an duine is dearóile de na naoimh go léir, ach is domsa a tugadh an grásta seo: saibhreas dochuimsithe Chríost a fhógairt do na gintlithe
Deir an Spiorad agus an nuachair: “Tar.” Agus an té a chloiseann, abradh sé: “Tar.” Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige.