Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair.
Matha 22:8 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin dúirt sé leis na seirbhísigh: ‘Tá an bhainis réidh, ach an dream a fuair an cuireadh, níorbh fhiú iad é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dúirt sé ansin lena sheirbhísigh, ‘Tá an bhainis ullamh, ach níorbh fhiú an dream a fuair na cuirí í. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin deir sé le n-a sheirbhísigh: Tá an bhainfheis réidh gan amhras, acht na daoine a fuair cuireadh, níorbh airidhe ortha í: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin adubhairt sé le n‐a sheirbhíseachaibh, Atá an bhainis ullamh, acht na daoine a fuair cuireadh níorbh fiú iad é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A deir sé an tansin ré na shearbhfhoghantuíghibh, Go fírinneach a tá an bhannis ullamh, gidheadh an dream fúair an cuireadh niór bhfiú iád é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan dubhairt sé le n-a sheirbhíseachaibh: Tá an bhainfheis ollamh; ach an mhuintir a fuair cuireadh, níor bhfiú iad é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin dúirt sé leis na seirbhísigh: ‘Tá an bhainis réidh, ach an dream a fuair an cuireadh, níorbh fhiú iad é. |
Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair.
Mar sin, téigí sibhse i mbéal na mbóithre poiblí, agus cibé daoine a chasfar oraibh, tugaigí cuireadh chun na bainise dóibh.’
Dúirt Íosa leo: “An féidir go mbeadh ógánaigh na bainise ag déanamh bróin fad a bhíonn an fear nuaphósta leo? Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu agus déanfaidh siad troscadh ansin.
ach iad seo a mheasfar gur fiú iad an saol úd eile a shroicheadh agus an aiséirí ó mhairbh, ní ghabhann siad fear céile ná bean chéile;
Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”
Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamhbhalbh: “Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach.
Is léiriú é sin ar bhreithiúnas cothrom Dé, mar is é a thiocfaidh as go mbeidh sibhse i dteideal ríocht Dé a bhaint amach toisc sibh a bheith ag fulaingt ar a son;
Is méanar dóibh siúd a níonn a n‑éidí, chun go mbeadh ceart acu chun crann na beatha, agus dul na geataí isteach don chathair.
Ach tá beagán agat i Sairdis, daoine nár shalaigh a n‑éidí; agus siúlóidh siad faram in éidí geala óir is fiú iad é.