Amach le Lót dá bhrí sin agus dúirt lena chleamhnaithe a bhí chun a iníonacha a phósadh: “Téanam,” ar sé, “fágaimis an áit seo mar tá an Tiarna ar tí an chathair seo a scrios.” Ach mheas a chleamhnaithe gur ag magadh a bhí sé.
Matha 22:5 - An Bíobla Naofa 1981 Ach ba chuma leo é, ach imeacht, duine acu chun a fheirme agus duine eile i mbun cheannaíochta, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach rinne siad a bheag de agus dʼimigh leo, duine chun a fheirme, nó duine chun a chuid earraí, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht rinne siad faillighe, agus d’imthigh siad leo, duine chun a fheirme, agus duine chuig a chuid earraidhe. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht ní thugadar‐san aon áird air, agus d’imthigheadar, duine aca chum a fheirme féin, duine eile chum a cheannaidheachta: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd tugadarsan faillighe an so, agus do imthigheadar, fear dhíobh dá fhearann féin, agus fear eile chum a cheannuigheachda: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach dheineadar-san neamhshuím de, agus d’imthígheadar, duine acu chun a fheirime, agus duine acu chun a cheannaidheachta. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach ba chuma leo é, ach imeacht, duine acu chun a fheirme agus duine eile i mbun ceannaíochta, |
Amach le Lót dá bhrí sin agus dúirt lena chleamhnaithe a bhí chun a iníonacha a phósadh: “Téanam,” ar sé, “fágaimis an áit seo mar tá an Tiarna ar tí an chathair seo a scrios.” Ach mheas a chleamhnaithe gur ag magadh a bhí sé.
Ansin thug Iacób arán agus brachán lintile do Éasau; d'ith seisean agus d'ól agus d'imigh leis. Sin a raibh de mheas ag Éasau ar a cheart sinsearachta.
An duine a ghlac an síol sa deilgneach, sin é an duine a chluineann an briathar, ach go mbíonn cúram an tsaoil agus mealladh an tsaibhris ag plúchadh an bhriathair agus fágtar gan toradh a thabhairt é.
Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh agus dúirt leo a rá leo siúd a fuair an cuireadh: ‘Feach, tá an féasta ullamh agam, mo chuid mart agus méithe maraithe, agus gach aon ní i gcóir: tagaigí chun na bainise.’
agus an chuid eile acu rug siad ar a chuid seirbhíseach, thug siad easmailt dóibh agus mharaigh siad iad.
agus dúirt sé le lucht na gcolmán a dhíol: “Beirigí na nithe sin as seo agus ná déanaigí teach margaidh de theach m'Athar.”
Ach is é a deireadh cuid eile acu le teann fonóide: “Lán d'fhíon úr atá siadsan.”
Ach nuair a thosaigh Pól ag trácht ar an bhfíréantacht agus ar an ngeanmnaíocht agus ar an mbreithiúnas atá le teacht, bhuail scanradh Féilix agus dúirt sé: “Imigh leat don dul seo, nuair a bheidh caoi agam, cuirfidh mé fios arís ort.”
Nó an amhlaidh is beag ort saibhreas a chineáltais agus a fhoighne agus a fhadfhulaingthe? Nach bhfuil a fhios agat gur do do bhrostú chun aithrí atá cineáltas Dé?
Gabhann an bás leis an meon collaí ach is beatha agus síocháin a ghabhann leis an meon spioradálta.
Beidh siad fealltach, meargánta agus iad lán díobh féin agus gur fearr leo an pléisiúr ná Dia.
conas a éalóimidne as má bhímid ar nós cuma liom faoina chomhmhór sin de shlánú [agus a gealladh dúinn]. Óir is trí bhéal an Tiarna a fógraíodh é ar dtús agus deimhníodh dúinn é ansin tríd an muintir a chuala é.
Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd á hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndrochíde.