‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis, nó go gcuirfead do naimhde faoi do chosa’?
Matha 22:45 - An Bíobla Naofa 1981 “Má ghlaonn Dáiví Tiarna air, mar sin, cad a bheir ina mhac dó é?” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Má thugann Dáibhí Tiarna air, conas a bheadh sé ina mhac aige?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Dá bhrígh sin, má bheir Dáibhidh Tighearna air, cad é mar tá sé ina mhac aige? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Má ghoireann Dáibhi Tighearna dhe, cionnas atá sé ’n‐a mhac aige? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin ma ghoireann Dáibhí Tighearna dhe, cionnas a tá sé na mhac aige? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) D’á bhrígh sin, má thugann Dáibhid a Thigearna air, conus atá sé ’n-a mhac aige? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Má ghlaonn Dáiví Tiarna air, mar sin, cad a bheir ina mhac dó é?” |
‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis, nó go gcuirfead do naimhde faoi do chosa’?
Ach ní fhéadfadh aon duine focal a rá á fhreagairt, ná ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air ón lá sin amach.
is leo na patrarcaí, agus is díobh an Críost de réir na colainne - an té atá ina Dhia ar an uile ní, moladh go deo leis. Amen.
Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é.
Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil nádúr daonna ag an gclann go léir, ghlac seisean an nádúr céanna sin. Rinne sé é sin chun an té a bhfuil an bás faoina cheannas, is é sin, an diabhal, a scriosadh trína bhás féin,
“Mise, Íosa, a sheol m'aingeal chun na nithe seo a fhógairt daoibh sna heaglaisí. Mise fréamh agus sliocht Dháiví, réalta gheal na maidine.”