Matha 22:43 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leo: “Más ea, cad a bheir do Dháiví Tiarna a ghlaoch air nuair a dúirt sé faoi luí an Spioraid: An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ar seisean leo, “Conas mar sin a ghaireann Dáibhí Tiarna de, agus é faoi anáil an Spioraid, mar deir sé, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Deir seisean leo: Cad chuige, mar sin, a dtabhrann Dáibhidh Tighearna air i spiorad, ag rádh: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Adubhradar‐san leis, Mac Dháibhi. Adubhairt seisean leo, Má’s eadh, cionnas ghoireas Dáibhi, tríd an Spiorad, Tighearna dhe, mar a n‐abrann sé, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A deir seisean ríu, Ma seadh cionnas ghoireas Daibhí san spioruid Tighearna dhe, ag rádh, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dubhairt sé leó: Ma ’seadh, cad uime go dtugann Dáibhid, sa spioraid, a Thighearna air, mar a ndeir sé: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leo: “Más ea, cad a bheir do Dháiví Tiarna a ghlaoch air nuair a dúirt sé faoi luí an Spioraid: |
Is é Dáiví féin a dúirt faoi luí an Spioraid Naoimh: ‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis, nó go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’
“A bhráithre,” ar sé, “níorbh fholáir an tuar a theacht faoin tairngreacht úd a labhair an Spiorad Naomh sa scrioptúr trí bhéal Dháiví faoi Iúdás, an fear a rinne eolas na slí dóibh siúd a ghabh Íosa,
Sin é an fáth a bhfuilim á thabhairt le fios daoibh nach féidir d'aon duine “Mallacht ar Íosa” a rá agus é ag labhairt faoi anáil Spioraid Dé agus nach féidir d'aon duine ach oiread “Is é Íosa an Tiarna” a rá ach amháin faoi anáil an Spioraid Naoimh.
Óir ní ó ghníomh tola daonna a tugadh aon fháistine riamh, ach gur labhair daoine ó Dhia agus iad faoi luí an Spioraid Naoimh.
Ba é lá an Tiarna é agus bhí mé faoi luí an Spioraid, agus chuala mé ar mo chúla glór tréan, mar ghlór trumpa,
Bhí mé faoi luí an Spioraid gan mhoill, agus, féach, bhí ríchathaoir suite sna flaithis, agus neach ina shuí sa chathaoir sin.