Ná bain díoltas amach; ná bíodh faltanas agat le clann do dhaoine muinteartha. Ní foláir duit grá a thabhairt do do chomharsa mar thú féin. Mise an Tiarna.
Matha 22:39 - An Bíobla Naofa 1981 Agus is cosúil léise an dara ceann: ‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus tá an dara haithne ar aon dul léi, Gráigh do chomharsa mar tú féin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus is cosamhail léithe seo an dara h-aithne: Grádhóchaidh tú do chómharsa mar thú féin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus atá an dara h‐aithne cosmhail léi, Grádhóchaidh tú do chómharsa mar thú féin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus is cosmhuil an dara háithne ría so, Gráidheóchuidh tú do chomharsa mar thú féin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tá an tarna h-aithne cosmhail léi: Grádhfaidh tú do chómharsa mar thu féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus is cosúil léise an dara ceann: ‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’ |
Ná bain díoltas amach; ná bíodh faltanas agat le clann do dhaoine muinteartha. Ní foláir duit grá a thabhairt do do chomharsa mar thú féin. Mise an Tiarna.
Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair, agus bíodh grá agat do do chomharsa mar atá agat duit féin.”
Seo í an dara ceann: ‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’ Níl aithne eile is mó ná iadsan.”
Ná bíodh fiacha ar bith ag aon duine oraibh ach amháin fiacha an ghrá a thabhairt dá chéile. Mar an té a thugann grá dá chomharsa tá an dlí comhlíonta aige.
Mar is féidir an dlí ar fad a chur in aon abairt amháin: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.”
Fad atá an deis againn, mar sin, déanaimis an mhaith do chách agus go háirithe do líon tí an chreidimh.
Má chomhlíonann sibh an dlí ríoga de réir an scrioptúir: “Gráigh do chomharsa mar thú féin,” ansin más ea, tá sibh ag déanamh go maith.