Nuair a bhí gach rud ráite ag Irimia a d'ordaigh an Tiarna dó a rá leis an bpobal uile, rug na sagairt agus na fáithe air agus dúirt siad: “Go deimhin cuirfear chun báis thú.
Matha 21:36 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh ba líonmhaire ná iad siúd, ach ba é an cor céanna a thug siad dóibh sin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Chuir sé seirbhísigh eile uaidh arís, níos mó ná an chéad uair, agus rinne siad mar an gcéanna leo. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Chuir sé seirbhísigh eile arís ní ba líonmhaire ná an chéad chuid, agus rinne siad mar an gcéadna leo. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Arís do chuir sé searbhóntaí eile chuca, níba mhó ’ná an chéad chuid: agus thugadar an íde chéadna ortha‐san. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A ris, do chuir sé searbhfhoghantuidhe eile úadh búdh lía na an chéadchuideachda: agus do rineardarsan mar an gcéadna ríu. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan do chuir sé seirbhísigh eile ag triall ortha airís, níba mhó ’ná an chéad chuid agus thugadar an cor céadna ortha. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh ba líonmhaire ná iad siúd, ach ba é an cor céanna a thug siad dóibh sin. |
Nuair a bhí gach rud ráite ag Irimia a d'ordaigh an Tiarna dó a rá leis an bpobal uile, rug na sagairt agus na fáithe air agus dúirt siad: “Go deimhin cuirfear chun báis thú.
Ach rug na curadóirí ar na seirbhísigh, thug siad bualadh do dhuine acu, mharaigh duine eile, chloch duine eile.
Sa deireadh, chuir sé chucu a mhac, mar dúirt sé leis féin: ‘Tabharfaidh siad ómós do mo mhac.’
Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh agus dúirt leo a rá leo siúd a fuair an cuireadh: ‘Feach, tá an féasta ullamh agam, mo chuid mart agus méithe maraithe, agus gach aon ní i gcóir: tagaigí chun na bainise.’