Dúirt an Tiarna leis féin: “An gceilfidh mé ar Abrahám an ní atáim ar tí a dhéanamh,
Matha 20:17 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí Íosa ag dul suas go Iarúsailéim, agus rug sé leis an dáréag ar leithligh agus sa tslí dóibh dúirt sé leo: An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a bhí Íosa ag dul suas go hlarúsailéim, thug sé an dáréag deisceabal i leataobh, agus dúirt leo ar an tslí, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ag dul suas go h-Ierusalem do Íosa, thug sé an dá dheisciobal déag i leath taoibh, agus dubhairt leo: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do bhí Íosa ag dul suas go h‐Iarúsalem, thug sé an dáréag deisceabal i leathtaoibh, agus sá tslighe dhó adubhairt sé leo, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ag dul súas Diosa go Hiárusalém rug sé an dá dheisciobal déag leis fa leith ann sa tsligh, agus a dubhairt sé ríu. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Bhí Íosa ag dul suas go Ierúsalem, agus ar an slígh dhó thóg sé i leith taoibh an dáréag deisgiobul, agus dubhairt sé leó: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí Íosa ag dul suas go hIarúsailéim, agus rug sé leis an dáréag ar leithligh agus sa tslí dóibh dúirt sé leo: |
Dúirt an Tiarna leis féin: “An gceilfidh mé ar Abrahám an ní atáim ar tí a dhéanamh,
Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Is é fáth é, mar tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht na bhflaitheas, ach níl sé tugtha dóibh siúd.
Ar theacht isteach i gceantar Chéasaráia Philib dó, d'fhiafraigh Íosa dá chuid deisceabal: “Cé hé a deir na daoine Mac an Duine?”
Lá arna mhárach, an slua mór a tháinig don fhéile, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag teacht go Iarúsailéim,
Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta, mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir. Ach thug mé cairde oraibh, óir gach a gcuala ó m'Athair, chuir mé in iúl daoibh é.
ní don phobal ar fad é, ach do na finnéithe a bhí réamhcheaptha ag Dia, is é sin le rá, dúinne. Chaitheamar bia agus deoch ina theannta tar éis a aiséirithe ó mhairbh