“Tar liom,” ar sé, “agus feic mo dhúthracht ar son an Tiarna,” agus thiomáin sé leis ina charbad é.
Matha 20:14 - An Bíobla Naofa 1981 Tóg a bhfuil ag dul duit agus imigh. Ach is áil liomsa oiread a thabhairt don fhear deireanach seo agus a thugaim duit. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tóg a bhfuil ag teacht chugat agus siúil leat; thogair mé an méid céanna a bhronnadh ar an duine deiridh seo is a thug mé duitse. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Glac do chuid, agus bog leat: is é mo thoil a oiread a thabhairt do’n duine seo is deireannaighe a tháinic agus atá mé a thabhairt duit-se. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Tóg leat do chuid féin agus bí ag imtheacht; is toil liom an oiread céadna do thabhairt do’n duine seo is deireannaighe tháinig, agus thugas duit‐se. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tógaibh leachd do chuid féin, agus imthigh: a si mo thoilsi a thabhairt don tési tháinic fa dheireadh, mar thug mé dhuitsi. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Seo, tóg leat do chuid agus imthigh; ach is toil liom oiread a thabhairt do’n fhear so is déanaighe a tháinig agus atá agam ’á thabhairt duit-se. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tóg a bhfuil ag dul duit agus imigh. Ach is áil liom-sa a oiread a thabhairt don fhear deireanach seo agus a thugaim duit. |
“Tar liom,” ar sé, “agus feic mo dhúthracht ar son an Tiarna,” agus thiomáin sé leis ina charbad é.
D'fhreagair sé duine acu á rá: ‘Nílim ag déanamh aon éagóra ort, a chara: nach ar dhéanar a réitigh tú liom?
An ea nach bhfuil cead agam mo rogha ní a dhéanamh le mo chuid féin? Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’
“Nuair a dhéanann sibh troscadh, ná bígí gruama mar a bhíonn na bréagchráifigh: milleann siad sin a gceannaithe chun go mba léir do chách iad a bheith ina dtroscadh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.
“Nuair a bhíonn tú ag déanamh déirce, mar sin, ná cuir an trumpa á shéideadh romhat; sin mar a dhéanann na bréagchráifigh é sna sionagóga agus ar na sráideanna chun go mbeadh cách á moladh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.
Ach tusa, nuair a bhíonn tú chun guí, téigh isteach i do sheomra, dún an doras ort féin, agus guigh chun d'Athar atá ansiúd faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.
Ach dúirt sé leis: ‘A mhic, bíonn tusa liom i gcónaí, agus gach a bhfuil agam is leat;
Ach dúirt Abrahám: ‘Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean á shólású abhus, agus tusa do do chrá.
faoi mar a thug tú cumhacht dó ar an uile dhuine, ionas, gach duine a thug tú dó, go dtabharfaidh sé an bheatha shíoraí dóibh.
Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia.
Go deimhin ní chuirfidh. Caithfidh Dia a bheith fíor más fealltóir féin gach uile dhuine, de réir mar atá scríofa: “Ionas go bhfógrófaí fíor thú i do bhriathra agus go mbeadh an bua leat i do chúis.”