Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin, ar dheilbh Dé is ea a chruthaigh sé é. Fireann agus baineann is ea a chruthaigh sé iad.
Matha 19:4 - An Bíobla Naofa 1981 D'fhreagair sé agus dúirt: “Nár léigh sibh go ndearna an Cruthaitheoir ó thús iad fireann agus baineann An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba é a fhreagra, “An é nach bhfuil léite agaibh gur chruthaigh an Cruthaitheoir fireann agus baineann iad i dtús an tsaoil, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé leo, ghá bhfreagairt: An é nár léigh sibh, an té a rinne an duine ar dtús, go ndearna sé fireann agus baineann iad? Agus dubhairt sé: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhreagair seisean, agus adubhairt, An é nár léigheabhar, an té do chruthuigh na daoine ó thús, gur chruthuigh sé fireann agus baineann iad, agus go ndubhairt sé, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, A ne nar léaghabhair, an té do chruthuighe íad ó thus gur fear agus bean do rinne sé íad, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do fhreagair sé iad, agus dubhairt: Nár léigheabhair, an t-é chruthuigh an duine ar dtúis, gur chruthuigh sé iad firean agus bainean, agus dubhairt sé: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼfhreagair sé agus dúirt: “Nár léigh sibh go ndearna an Cruthaitheoir ó thús iad fireann agus baineann |
Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin, ar dheilbh Dé is ea a chruthaigh sé é. Fireann agus baineann is ea a chruthaigh sé iad.
Agus dúirt an Tiarna Dia: “Ní maith é an duine a bheith leis féin. Déanfaidh mé céile cúnta a dhiongbhála dó.”
Dúirt an duine ansin: “Is cnámh de mo chnámha-sa í seo ar deireadh, Agus is feoil de m'fheoilse í. Tabharfar bean (ís-seá) uirthi Mar gur baineadh as an bhfear (ís) í.”
Fireann agus baineann a chruthaigh sé iad. Bheannaigh sé iad agus thug an t‑ainm An Duine orthu an lá a cruthaíodh iad.
Nach ndearna sé aon aonad amháin a bhfuil colainn agus spiorad fite fuaite ina chéile ann? Ach deir sibhse: “Céard eile atá á lorg ag [Dia] ach sliocht diaganta?” Mar sin de, coinnígí slán spiorad na beatha sin agaibh agus ná déanadh aon duine feall ar an mbean atá mar chéile aige óna óige.
Dúirt sé leo: “An ea nár léigh sibh mar a rinne Dáiví é nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh?
Dúirt Íosa leo: “Nár léigh sibh riamh sna scrioptúir: ‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne; obair an Tiarna é seo agus is iontach inár súile é’?
Nár léigh sibh an scrioptúr seo: ‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne;
Maidir leis na mairbh a éirí arís, nár léigh sibh i Leabhar Mhaois, sa dréacht faoin Tor, conas mar a labhair Dia leis agus a dúirt: ‘Is mise Dia Abrahám, agus Dia Íosác, agus Dia Iacóib.’
Dúirt sé leo: “Nár léigh sibh riamh faoin rud a rinne Dáiví nuair a bhí sé i ngá agus ocras air, é féin agus a chompánaigh:
Agus d'fhreagair Íosa iad á rá: “An ea nár léigh sibh faoin rud úd a rinne Dáiví nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh -