Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Is é fáth é, mar tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht na bhflaitheas, ach níl sé tugtha dóibh siúd.
Matha 19:11 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leo: “Ní hé gach aon duine a ghabhann an chaint sin chuige, ach an mhuintir dá bhfuil sé tugtha. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach dúirt sé leo, “Ní féidir leis na fir uile glacadh leis an gcomhairle seo, ach amháin an méid a mbronntar orthu é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt seisean leo: Ní glacann gach aoinneach an briathar seo, acht an méid ar tugadh dóibh é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht adubhairt seisean leo, Ní h‐é gach aon duine gur féidir leis na briathra so do ghlacadh, ach iad‐san amháin dár tugadh é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd a dubhairt seisean ríu, Ní hé gach áonduine ghabhus an glórsa, achd an dream dár tugadh é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó: Ní h-é gach aoinne a ghlacann an chaint sin, ach an mhuíntir gur tugadh san dóibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leo: “Ní hé gach aon duine a ghabhann an chaint sin chuige, ach an mhuintir dá bhfuil sé tugtha. |
Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Is é fáth é, mar tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht na bhflaitheas, ach níl sé tugtha dóibh siúd.
Dúirt na deisceabail leis: “Más amhlaidh sin atá an scéal ag an bhfear i leith na mná, is fearr gan pósadh.”
Óir tá coillteáin ann ar mar sin a tháinig siad as broinn a máthar, agus tá coillteáin ann ar ag daoine a coilleadh iad, agus tá coillteáin ann arb iad féin a choill iad féin ar son ríocht na bhflaitheas. Gabhadh chuige an té a fhéadann!”
Taobh amuigh de sin, leanadh gach duine den saol a bhí ceaptha ag an Tiarna dó, mar a bhí aige nuair a fuair sé an glao ó Dhia. Sin é an riail a leagaimse síos sna heaglaisí uile.
ach le heagla na drúise bíodh a bhean féin ag gach fear agus bíodh a fear féin ag gach bean.
Is ar mhaithe libh a deirim an méid seo, agus ní ag iarraidh laincis a chur oraibh atáim, ach le go mbeadh gach ní ina cheart, agus go bhfónfadh sibh don Tiarna gan cur isteach ná amach oraibh.