Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim
Matha 19:1 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin, nuair a bhí an méid sin ráite aige, d'fhág Íosa an Ghailíl agus tháinig go dtí críocha Iúdáia ar an taobh eile den Iordáin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Anois nuair a chríochnaigh Íosa na ráite sin, dʼimigh sé ó Ghalailí go ndeachaigh sa réigiún de Iúdaea atá taobh thall den Iornán; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thárla, nuair a chríochnuigh Íosa na briathra sin, gur fhág sé an Ghailile, agus tháinic sé go críocha Iudaia taobh thall de’n Iordáin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tharla, nuair do bhí na cómhráidhte sin críochnuighthe ag Íosa, gur imthigh sé ó’n nGaililé, agus go dtáinig sé isteach i gcríochaibh lúdaea ar an taobh thall de Iórnán; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tarla, an tráth do chriochnuigh Iósa na comhraítesi, gur sgáoil sé on Ghalilé, agus táinic sé go críochuibh Iúdéa tar Iórdan; Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do thárla, nuair a bhí na cómhráidhte sin críochnuighthe ag Íosa, gur fhág sé Gaililí agus go dtáinig sé i gcríochaibh Iúdaéa lastall de’n Iórdan. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin, nuair a bhí an méid sin ráite aige, dʼfhág Íosa an Ghailíl agus tháinig go dtí críocha Iúdáia ar an taobh eile den Iordáin. |
Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim
Nuair a bhí deireadh na cainte sin ráite ag Íosa, bhí ionadh ar na sluaite faoina theagasc;
Agus d'imigh sé leis arís sall thar Iordáin, go dtí an áit ina raibh Eoin ag baisteadh ar dtús, agus d'fhan sé ann.