Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 17:11 - An Bíobla Naofa 1981

Ba é freagra a thug Íosa: “Sea, tá Éilias le teacht agus an uile ní a chur ina cheart arís.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ba é a fhreagra, “Tagann Elía ar ndóigh, agus is é atá le gach uile ní a athchóiriú;

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus dubhairt seisean leo, ghá bhfhreagairt: Tiocfaidh Elías leoga, agus dhéanfaidh sé na h-uile neithe d’athnuadhadh.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt, Tiocfaidh Élias go fírinneach, agus athnuadhfaidh sé gach aon nidh:

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt se ríu, Tiocfuidh Elías go fírrinneach ar tús, agus aiseoguidh sé gach éin ní.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagra: Tiocfaidh Elias, agus ceartóchaidh sé gach nídh.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ba é freagra a thug Íosa: “Is ea, tá Éilias le teacht agus an uile ní a chur ina cheart arís.

Féach an chaibidil



Matha 17:11
7 Tagairtí Cros  

Ach chuir a dheisceabail ceist air: “Cad é seo a deir na scríobhaithe, más ea, go gcaithfidh Éilias teacht ar dtús?”


Ach deirim libh: tá Éilias tagtha cheana agus níor aithin siad é, ach a dtoil féin a imirt air. Agus ní taise do Mhac an Duine é, a mbeidh le fulaingt aige sin uathu freisin.”


Más ea, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile, thosaigh siad á cheistiú: “A Thiarna,” ar siad, “an anois atá tú chun ríocht Iosrael a athbhunú?”


Mar ní mór do na flaithis é a choinneáil go dtí go mbeidh gach ní curtha ina cheart arís faoi mar a d'fhógair Dia trí bhéal na bhfáithe naofa fadó.