Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 1:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Más ea, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile, thosaigh siad á cheistiú: “A Thiarna,” ar siad, “an anois atá tú chun ríocht Iosrael a athbhunú?”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Mar sin de, nuair a bhí siad i gceann a chéile, dʼfhiafraigh siad de, “A Thiarna, an anois a thabharfaidh tú arís dʼlosrael an ríocht a bhíodh aici?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Ar an adhbhar sin, d’fhiafruigh siad-san a bhí cruinnighthe le chéile de, ag rádh: A Thighearna, an ndéanfaidh tú, an t-am seo, ríoghacht Israéil a chur ar bun arís?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus, ar mbeith dhóibh i bhfochair a chéile, d’fiafruigheadar de, g‐á rádh, A Thighearna, an é seo an t‐am ’n‐a dtiubhraidh tú an ríoghacht ar ais d’Israel?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Ar a nadhbharsin ar gcrinníughadh a ccean a cheile dhóibh, dfiáfruigheadar dhe ag rádh, A Thighearna, an ann sa naimsirsi dhéanas tu an ríoghachd aisioc Díosrael?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus an méid a bhí i bhfochair a chéile dhíobh do chuireadar ceist chuige agus dubhradar: A Thighearna, an sa n-aimsir seo a thabharfair an rígheacht thar n-ais d’Israél?

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 1:6
23 Tagairtí Cros  

Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.


Cuirfidh mé do bhreithimh ar ais mar bhí siad cheana, do chomhairleoirí mar bhí siad anallód. As sin amach, glaofar cathair na córach ort, an chathair fhíréanta.”


más ea, teilgim uaim sliocht Iacóib agus Dháiví mo shearbhónta agus ní thoghfaidh mé aon rialtóir dá shliocht le bheith ina rí ar oidhrí Abrahám, Íosác agus Iacóib! Óir cuirfidh mé an rath arís orthu agus glacfaidh mé trua dóibh.’ ”


Mar ar feadh mórán laethanta fágfar clann Iosrael gan rí, gan flaith, gan íobairt, gan liagán, gan éafód, gan íola tí.


“An lá sin tógfaidh mé athuair both Dháiví, atá ar lár, druidfidh mé a bhearnaí, deiseoidh mé na fothraigh, atógfaidh mé é mar a bhí anallód,


Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad go dtí go mbéarfar mac di siúd, a bhfuil tinneas clainne uirthi, ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.


Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.


Ba é freagra a thug Íosa: “Sea, tá Éilias le teacht agus an uile ní a chur ina cheart arís.


Dúirt sé léi: “Cad ab áil leat?” “Tá,” ar sise leis, “an bheirt mhac seo agamsa, go n‑ordófá iad a bheith ina suí, duine acu ar do dheis agus an duine eile ar do chlé, i do ríocht.”


Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg, tháinig na deisceabail chuige ar leithligh agus dúirt siad: “Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach agus cén comhartha a bheidh ann ar do théarnamhsa agus ar dheireadh an tsaoil.”


Dúirt sé leo: “Tagann Éilias ar dtús gan amhras chun an uile ní a chur ina cheart arís. Agus conas atá sé scríofa i dtaobh Mhac an Duine nach foláir dó mórán a fhulaingt agus bheith faoi dhrochmheas?


Nuair a d'fhiafraigh na Fairisínigh de cén uair a bheadh ríocht Dé ag teacht, dúirt sé leo á bhfreagairt: “Ríocht Dé, ní amhlaidh a bhraitear ag teacht í,


Ag éisteacht dóibh leis an méid sin, lean sé air agus labhair parabal, de bhrí go raibh sé i ngar do Iarúsailéim agus gur síleadh dóibh ríocht Dé a bheith le taibhsiú láithreach.


agus tá ríocht agam á dáil oraibh, de réir mar dháil m'Athair orm féin í:


Nuair a chonaic Peadar é sin dá bhrí sin, dúirt sé le Íosa: “Cad mar gheall air seo?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí