Scriosadar [altóir] Bhál agus scriosadar teampall Bhál chomh maith, agus rinneadar camraí de agus tá sé amhlaidh go dtí an lá inniu féin.
Matha 15:17 - An Bíobla Naofa 1981 An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a théann isteach sa bhéal, go ngabhann sé sa ghoile agus go scaoiltear sa leithreas é? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nach bhfeiceann sibh, cibé ní a théas isteach ar an mbéal, go dtéann sé ar aghaidh leis go dtí an goile, agus amach sa chamra? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Nach dtuigeann sibh gur san ghoile a théid gach nídh dá dtéid isteach san bhéal, agus go gcaithtear amach san chamra é? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Nach dtuigeann sibh, cibé rud théigheas isteach sa mbéal, go dtéigheann sé isteach sa mbolg, agus go gcaithtear é sa gcamra. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A ne nach dtuigthísi fósm giodh bé ní theid a sdeach ann sa mbéul, go dtéid se sa mbolg, agus go dteilgthear as sin don chamra é? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ná tuigeann sibh, gach nídh a théigheann isteach sa bhéal, go dtéigheann sé síos sa bholg, agus go n-imthigheann sé sa bhfiailteach? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a théann isteach sa bhéal, go ngabhann sé sa ghoile agus go scaoiltear sa leithreas é? |
Scriosadar [altóir] Bhál agus scriosadar teampall Bhál chomh maith, agus rinneadar camraí de agus tá sé amhlaidh go dtí an lá inniu féin.
Ní ionann agus na nithe a thagann amach as an mbéal, gur as an gcroí a thagann siad, agus déanann siadsan neamhghlan an duine.
de bhrí nach ina chroí a théann sé ach ina ghoile agus go ngabhann sa leithreas?” (Sin mar a d'fhógair sé gach bia a bheith glan.)
Tógann an dea-dhuine an dea-rud amach as dea-stór a chroí, agus tógann an drochdhuine an drochrud amach as a dhrochstór. Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal.
“Is don ghoile atá an bia ann agus is don bhia an goile” - ach cuirfidh Dia idir bhia agus ghoile ar neamhní. Ní don drúis atá an corp ann, áfach, ach don Tiarna agus is don chorp atá an Tiarna ann.
Lasair an teanga chomh maith; is domhan coirpeachta í an teanga i measc ár mball, agus í ag truailliú an choirp ar fad, ag cur cúrsa an tsaoil trí thine, agus ifreann á cur féin ar lasadh.