Matha 15:12 - An Bíobla Naofa 1981 Tháinig na deisceabail chuige ansin agus dúirt siad leis: “An bhfuil a fhios agat, nuair a chuala na Fairisínigh an chaint sin, gur ghlac siad scannal inti?” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tháinig na deisceabail chuige ansin agus dúirt siad leis, “Nach bhfuil fhios agat gur ghlac na Fairiséigh scannal nuair a chuala siad an rá sin agat?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin tháinic a dheisciobail chuige agus dubhairt leis: An bhfuil a fhios agat gur ghlac na Fairisínigh scainneal nuair a chuala siad an briathar sin? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin tháinig na deisceabail, agus adubhradar leis, An eol duit gur ghlac na Fairisínigh scannal, nuair do‐chualadar na briathra sin? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin thangadar a dheisciobuil, agus a dubhadar ris, A né nach dtuigeann tú go bhfúaradar na Pharisínigh do chúala an glórsa, oilbhéim ann? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan do tháinig a dheisgiobuil chuige, agus dubhradar leis. An eol duit go bhfuil sgannal glacaithe ag na Fairisínigh ó airigheadar an focal san? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tháinig na deisceabail chuige ansin agus dúirt siad leis: “An bhfuil a fhios agat, nuair a chuala na Fairisínigh an chaint sin, gur ghlac siad scannal inti?” |
Ní hé an rud a théann isteach sa bhéal a dhéanann neamhghlan an duine, ach an rud a thagann amach as an mbéal, sin é a dhéanann neamhghlan an duine.”
D'fhreagair sé iad agus dúirt: “Planda ar bith nárbh é m'Athair neamhaí a phlandaigh é, sracfar as a fhréamha é.
Ach le heagla go dtabharfaimis scannal do na daoine seo, téigh síos chun na farraige agus caith amach duán, agus an chéad iasc a thiocfaidh aníos tóg é agus nuair a osclóidh tú a bhéal gheobhaidh tú státar ann. Tóg é sin agus íoc leo mo tháillese agus do tháille féin.”
Le heagla go mbeifí ag lochtú ár gcuid seirbhíse, ní chuirimid ceap tuisle sa bhealach ar aon duine,
ach níor ghéilleamarna oiread agus nóiméad dóibh. Chuireamar ina gcoinne le hionchas go gcoimeádfaí fírinne an dea-scéil ar láimh shábháilte daoibhse.
Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill.