Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 15:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Annsin tháinig na deisceabail, agus adubhradar leis, An eol duit gur ghlac na Fairisínigh scannal, nuair do‐chualadar na briathra sin?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Tháinig na deis­ceabail chuige ansin agus dúirt siad leis, “Nach bhfuil fhios agat gur ghlac na Fairiséigh scannal nuair a chuala siad an rá sin agat?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Annsin tháinic a dheisciobail chuige agus dubhairt leis: An bhfuil a fhios agat gur ghlac na Fairisínigh scainneal nuair a chuala siad an briathar sin?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Ann sin thangadar a dheisciobuil, agus a dubhadar ris, A né nach dtuigeann tú go bhfúaradar na Pharisínigh do chúala an glórsa, oilbhéim ann?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Ansan do tháinig a dheisgiobuil chuige, agus dubhradar leis. An eol duit go bhfuil sgannal glacaithe ag na Fairisínigh ó airigheadar an focal san?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Tháinig na deisceabail chuige ansin agus dúirt siad leis: “An bhfuil a fhios agat, nuair a chuala na Fairisínigh an chaint sin, gur ghlac siad scannal inti?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Tháinig na deisceabail chuige ansin agus dúirt siad leis: “An bhfuil a fhios agat, nuair a chuala na Fairisínigh an chaint sin, gur ghlac siad scannal inti?”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 15:12
9 Tagairtí Cros  

Agus is beannuighthe an té nach bhfaighidh adhbhar scannail ionnam‐sa.


An rud théigheas isteach sa mbéal, ní h‐é sin shaluigheas an duine; acht an rud théigheas amach as an mbéal, is é sin shaluigheas an duine.


Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt, Gach plannda nár chuir m’Athair neamhdhasa, tarraingeochar é as a fhréamhachaibh.


Acht, an eagla go dtiubhraimís scannal dóibh, imthigh‐se chum na fairrge, agus caith dubhán, agus tóg an chéad iasc thiocfas aníos; agus nuair fhosclóchas tú a bhéal, do‐gheobhair píosa airgid ann: glac é sin, agus tabhair dhóibh‐sean é ar mo shon‐sa agus ar do shon féin.


chum nach bhfaghtar locht ar ár miniostrálacht;


acht níor ghéilleamar dóibh‐sean oiread agus uair amháin; chum go bhfanfadh fírinne an tsoiscéil i gcómhnaidhe agaibh‐se.


Acht an eagnaidheacht atá ó neamh anuas, i gcéadóir atá sí glan‐úr, síothchánta, leis sin, ceannsa, so‐chómhairleach, gan cealg, gan fimíneacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí