Ar an tríú lá, ar a lá breithe, rinne Forann féasta dá shearbhóntaí go léir, agus thug sé cead a gcinn don phríomhchornaire agus don phríomhbháicéir i láthair na bhfeidhmeannach.
Matha 14:6 - An Bíobla Naofa 1981 Ach nuair a bhí cuimhne lae a bhreithe á comóradh ag Héaród, rinne iníon Héaróidias rince os comhair na cuideachta agus thaitin sí chomh mór sin le Héaród An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach nuair a bhíothas ag comóradh lá breithe Iorua, rinne iníon Heródias cúrsa damhsa os comhair na cuideachta, agus thaitin sí chomh mór sin le hlorua Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Nuair a tháinic cothrom an lae ina rugadh Ioruadh, rinne inghean Herodiaise damhsa ós a gcómhair, agus thaitin sí le h-Ioruadh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht nuair tháinig lá beirthe Ioruaith, do‐rinne inghean Neródias damhsa, ’n‐a láthair, agus do thaithin sí le h‐Ioruath. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do bhí sóllamain an láoi ann a rughaidh Iorúaith dá dhéanamh, do rinne ínghean Heródias damhsa na fhíadhnuisi, agus do thaitin sí ré Hiorúaith: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach lá beirthe Héróid dhein inghean Heródias rinnce ’n-a láthair, rinnce a thaithn le Héród. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach nuair a bhí cuimhne lae a bhreithe dá comóradh ag Héaród, rinne iníon Héaróidias rince os comhair na cuideachta agus thaitin sí chomh mór sin le Héaród |
Ar an tríú lá, ar a lá breithe, rinne Forann féasta dá shearbhóntaí go léir, agus thug sé cead a gcinn don phríomhchornaire agus don phríomhbháicéir i láthair na bhfeidhmeannach.
Is amhlaidh a bhí Héaród tar éis Eoin a ghabháil agus é chur i ngéibheann agus i bpriosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir.
“A Mháistir,” ar siad, “dúirt Maois: ‘Má fhaigheann duine bás gan chlann, pósadh a dheartháir an bhaintreach, chun sliocht a thógáil dá dheartháir.’
Chuala Héaród rí mar gheall air, mar bhí a ainm in airde, agus dúirt: “Tá Eoin Baiste éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n‑oibriú tríd.”
Óir is amhlaidh a chuir Héaród ordú amach Eoin a ghabháil agus a chur i ngéibheann i bpríosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir, mar bhí sé tar éis í a phosadh.
Agus thug sé foláireamh dóibh a rá: “Bígí aireach agus seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus ar ghabháil Héaróid.”
Ar an uair sin féin tháinig cuid de na Fairisínigh chuige á rá leis: “Amach leat agus cuir díot as seo, óir is áil le Héaród tú a chur chun báis.”
Chaith Héaród, é féin agus a gharda, drochmheas air agus rínne sé ceap magaidh de; ansin, tar éis dó é a ghléasadh faoi róba taibhseach, chuir sé ar ais go dtí Pioláit é.
agus nuair a fuair scéala gur as limistéar Héaród dó, chuir sé ag triall ar Héaród é, ó tharla in Iarúsailéim é sin freisin sna laethanta sin.
Sa chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Céasar, nuair a bhí Pointias Pioláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Treachóinítis, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné,
Héaród an rí cúige, áfach, a fuair milleán uaidh faoi Héaróidias, bean a dhearthár, agus faoi na drochbhearta uile a bhí déanta aige,
agus Ióanna bean Chúsa, maor Héaróid, agus Súsanna, agus mórán nárbh iad, a bhíodh ag freastal orthu as a maoin.
Um an dtaca seo is ea d'imir Héaród rí an lámh throm ar chuid de bhaill na hEaglaise.
“Is ea go deimhin, chuaigh Héaród agus Pointias Pioláit mar aon leis na ciníocha agus le pobal Iosrael i gcomhcheangal le chéile sa chathair seo féin in aghaidh do sheirbhísigh naofa, Íosa, tar éis duitse é a ungadh,