Nuair a chuala Iahóiácaím an rí, mar aon lena airí agus a fheidhmeannaigh uile, a bhriathra, theastaigh uaidh é a chur chun báis. Nuair a chuala Úiríá é sin tháinig eagla air agus theith sé don Éigipt.
Matha 14:5 - An Bíobla Naofa 1981 Ba mhaith le Héaród é chur chun báis ach eagla bheith air roimh na daoine, mar bhí meas fáidh acu air. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Bhí mian air é a chur chun báis, ach go raibh eagla air roimh na daoine, mar ba é an mana a bhí acu, Eoin a bheith ina fháidh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ba mhian leis é chur chun báis, acht bhí eagla roimh na daoine air, mar gur mheas siad é bheith ina fháidh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair ba mhian leis a chur chum báis, do bhí eagla an phobail air, óir ba é a dtuairim gurbh fáidh é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do budh mhían leis a chur chum báis, do bhí eagla an phubal air, óir do bhí meas fáidhe aca air Eóin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus ba mhian leis é chur chun báis, ach bhí eagla na ndaoine air, óir do thuigeadar gur bh’fháidh Eóin Baiste. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ba mhaith le Héaród é a chur chun báis ach bhí eagla air roimh na daoine, mar bhí meas fáidh acu air. |
Nuair a chuala Iahóiácaím an rí, mar aon lena airí agus a fheidhmeannaigh uile, a bhriathra, theastaigh uaidh é a chur chun báis. Nuair a chuala Úiríá é sin tháinig eagla air agus theith sé don Éigipt.
Ach cad a thug amach sibh? Chun fáidh a fheiceáil? Sea, deirim libh, agus duine ba mhó ná fáidh.
Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ tá eagla orainn roimh na daoine, mar tá meas fáidh acu uile ar Eoin.”
Óir tháinig Eoin chugaibh ar shlí na fíréantachta agus níor chreid sibh ann; na poibleacánaigh, áfach, agus na striapacha, chreid siad ann; agus cé go bhfaca sibhse é sin, níor bhuail an t‑aiféala mall féin sibh chun go gcreidfeadh sibh ann.”
Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ gabhfaidh an pobal uile de chlocha orainn, óir is deimhin leo go raibh Eoin ina fháidh.”
Tar éis dóibh bagairt eile a dhéanamh orthu scaoil siad saor iad mar nach raibh aon dul acu ar iad a smachtú mar gheall ar an bpobal, de bhrí go raibh gach aon duine ag moladh Dé as an ní a bhí tite amach.
Ansin d'imigh an ceannfort agus a chuid giollaí agus thug siad leo iad, gan aon lámh láidir, áfach, mar bhí eagla orthu roimh an bpobal, go gclochfaidís iad.