Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus nuair ba mhian leis a chur chum báis, do bhí eagla an phobail air, óir ba é a dtuairim gurbh fáidh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Bhí mian air é a chur chun báis, ach go raibh eagla air roimh na daoine, mar ba é an mana a bhí acu, Eoin a bheith ina fháidh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Ba mhian leis é chur chun báis, acht bhí eagla roimh na daoine air, mar gur mheas siad é bheith ina fháidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus an tan do budh mhían leis a chur chum báis, do bhí eagla an phubal air, óir do bhí meas fáidhe aca air Eóin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus ba mhian leis é chur chun báis, ach bhí eagla na ndaoine air, óir do thuigeadar gur bh’fháidh Eóin Baiste.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Ba mhaith le Héaród é a chur chun báis ach bhí eagla air roimh na daoine, mar bhí meas fáidh acu air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Ba mhaith le Héaród é chur chun báis ach eagla bheith air roimh na daoine, mar bhí meas fáidh acu air.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:5
10 Tagairtí Cros  

Acht cad chuige a ndeachaidh sibh amach? Chum fáidh d’fheicsin? Go fírinneach adeirim libh, gur mó é ’ná fáidh?


Acht má deirimíd, Ó dhaoinibh; tá eagla an phobail orainn; óir atá na daoine go léir ar aon aigne gur fáidh Eoin.


Óir tháinig Eoin chugaibh i mbealach na fíréantachta, agus níor chreideabhar é: acht do chreid na poibleacáin agus na striapacha é: agus nuair do chonnaic sibh‐se é, ní dhearna sibh aithrighe ’n‐a dhiaidh sin chum go gcreidfeadh sibh é.


Cad chuige nár chreideabhar é? Acht má déarfaimíd, Ó dhaoinibh; gabhfaidh na daoine go léir de chlochaibh orainn: óir is dearbh leo gurbh fháidh Eoin.


Agus tar a éis dóibh‐sean bagairt ortha arís, do scaoileadar iad, mar ní raibh a fhios aca cionnas chuirfidís pionós ortha, mar gheall ar na daoinibh; óir bhí na daoine go léir ag tabhairt na glóire do Dhia ar son a dtárla.


Annsin d’imthigh an ceannphort i n‐éinfheacht leis na h‐oifigeachaibh, agus thug sé leis iad, gan aon éigean; óir do bhí eagla an phobail ortha, go ngabhfaidhe de chlochaibh ortha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí