Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Mar dúirt Eoin leis: “Ní ceadmhach duit í bheith agat.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 as siocair go ndúirt Eoin leis, “Níl sé ceadmhach de réir dlí í a bheith agatsa.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Óir dubhairt Eoin leis: Ní dlisteannach duit í a bheith agat.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Óir adubhairt Eoin leis, Ní dleaghthach duit í do bheith agat.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Oír a dubhair Eóin ris. Ní dlightheach dhúít a beith agad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Mar dubhairt Eóin leis: Ní dleaghthach duit í sin a bheith agat.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Mar dúirt Eoin leis: “Ní ceadmhach duit í a bheith agat.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:4
12 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Nátán le Dáiví: “is tusa an fear. Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘D'ungaigh mé thú i do rí ar Iosrael, agus d'fhuascail mé thú as láimh Shóil.


Abair leis: ‘Seo mar a deir an Tiarna: Rinne tú dúnmharú; de bhreis air sin tá forlámhas á dhéanamh agat anois. [Ar an ábhar sin] - agus is é an Tiarna a deir é - san áit inar ligh na madraí fuil Nábót, lífidh siad do chuid folasa chomh maith.’ ”


Teitheann an t‑urchóideach agus gan aon duine sa tóir air; tá an fíréan chomh cróga le leon.


Lucht tréigthe an dlí, molann siad na hurchóidigh; ach an mhuintir a chomhlíonann é, cuireann siad ina n‑aghaidh.


chun teagasc agus tiomna a fháil.” Nach cinnte gur mar sin a labhróidh siad, mar níl breacadh lae i ndán dóibh.


D'inis Irimia fáidh na briathra seo uile do Zidicíá rí Iúdá, in Iarúsailéim,


Ná bain an folach de nochtacht bhean do dhearthár, óir sí nochtacht do dhearthár í.


An fear a ghabhann bean a dhearthár chuige mar chéile: Sin col. Bhain sé an folach de nochtacht a dhearthár. Bás gan sliocht dóibh.


Óir dúirt Eoin le Héaród: “Ní ceadmhach duit bean do dhearthár a bheith agat.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí