“Deirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean.
Matha 14:2 - An Bíobla Naofa 1981 agus dúirt sé le lucht a chúirte: “Eoin Baiste é seo: tá sé éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n‑oibriú tríd.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus ar seisean lena sheirbhísigh, “Is é sin Eoin Baiste, tá sé tógtha ó mhairbh; sin í an chúis go bhfuil na cumhachtaí seo ar obair ann.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé le n-a lucht freastail: Is é seo Eoin Baiste: d’éirigh sé ó na mairbh; agus, ar an adhbhar sin, tá míorbhailte dá n-oibriughadh ann. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus adubhairt sé le n‐a sheirbhíseachaibh, Is é seo Eoin Baiste; d’éirigh sé ó na marbhaibh; agus is d’á bhrigh sin atá na cumhachta so ag oibriú ann. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dúbhairt sé ré na shearbhfhóghantuidhibh, A sé so Eóin Baisde; déirigh sé ó mharbhaibh; agus is dá bhrígh sin a táid subháilcighe ag oibreaghadh ann. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé le n-a mhuintir thighe: Sidé Eóin Baiste; d’eírigh sé ósna mairbh, agus is uime sin atáid na mírbhuiltí d’á ndéanamh tríd. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus dúirt sé le lucht a chúirte: “Eoin Baiste é seo: tá sé éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí dá n-oibriú tríd.” |
“Deirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean.
Dúirt siad: “Deir cuid acu Eoin Baiste; cuid eile acu Éilias; tuilleadh acu Irimia nó duine de na fáithe.”
Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag seanmóir i bhfásach Iúdáia:
Chuala Héaród rí mar gheall air, mar bhí a ainm in airde, agus dúirt: “Tá Eoin Baiste éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n‑oibriú tríd.”
Dúirt siad leis: “Eoin Baiste, agus cuid eile acu Éilias, cuid eile duine de na fáithe.”
Chuala Héaród, an rí cúige, faoi na nithe uile a bhí ag titim amach, agus bhí mearbhall air de bhrí go raibh sé de scéal ag daoine áirithe gurbh é Eoin a bhí tar éis éirí ó mhairbh;
Agus tháinig na sluaite chuige agus deiridís: “Ní dhearna Eoin aon mhíorúilt, ach na nithe go léir a dúirt Eoin mar gheall ar an duine seo, b'fhíor dó iad.”