Má bhítear sa tóir oraibh i gcathair áirithe teithigí go cathair eile. Deirim libh go fírinneach, sula mbeidh cathracha Iosrael siúlta agaibh, beidh Mac an Duine tagtha.
Matha 14:13 - An Bíobla Naofa 1981 Agus nuair a chuala Íosa é, chuaigh sé i leataobh as sin i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. Ach fuair na sluaite scéala air, agus tháinig siad amach as na cathracha á leanúint dá gcois. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Anois nuair a chuala Íosa sin, chuaigh sé as sin i mbád i leataobh in áit uaigneach gan áitreabh. Ach nuair a chuala na sluaite é, lean siad é as na cathracha de shiúl cos. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chuala Íosa é, d’imthigh sé as sin i mbád go h-áit uaignigh ar leith; agus nuair a chuala na sluaighte sin, lean siad é de shuibhal cos amach as na cathracha. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do‐chuala Íosa é, d’imthigh sé i mbád ó’n áit sin, isteach i n‐áit fhásamhail uaignigh: agus nuair do‐chuala na sluaighte sin, do leanadar d’á gcois é ó na cathrachaibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do chúlaidh Iósa so, do chúaidh sé as sin a luing a nionad fhásamhail air leith: agus an tan do chúalaidh an pubal sin, do leanadar dá gcois é ó na caithreachaibh Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair airigh Íosa é, d’imthigh sé ó’n áit sin, i luing bhig, isteach i bhfásach uaigneach; agus nuair a dh’airigh na daoine san, do leanadar é ’n-a gcuis as na catharachaibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus nuair a chuala Íosa é, chuaigh sé i leataobh as sin i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. Ach fuair na sluaite scéala air, agus tháinig siad amach as na cathracha dá leanúint dá gcois. |
Má bhítear sa tóir oraibh i gcathair áirithe teithigí go cathair eile. Deirim libh go fírinneach, sula mbeidh cathracha Iosrael siúlta agaibh, beidh Mac an Duine tagtha.
Bhí a fhios ag Íosa, áfach, agus chuaigh sé i leataobh as sin. Lean sluaite móra é, agus leigheas sé iad uile,
Tháinig deisceabail Eoin agus thóg siad leo an corp chun a adhlactha; tháinig siad ansin á insint d'Íosa.
D'éirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus d'imigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí.
Nuair a bhí ina lá, ar dhul amach dó, chuaigh sé go dtí áit uaigneach. Ach bhí na sluaite á lorg agus tháinig siad mar a raibh sé, agus bhí á choinneáil le heagla go n‑imeodh sé uathu.