Tugadh a cheann isteach ar mhias le tabhairt don chailín agus rug sise ag triall ar a máthair é.
Matha 14:12 - An Bíobla Naofa 1981 Tháinig deisceabail Eoin agus thóg siad leo an corp chun a adhlactha; tháinig siad ansin á insint d'Íosa. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus tháinig a dheisceabailsean gur thug leo an corp gur chuir san uaigh é; agus chuaigh siad gur inis dʼÍosa é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus tháinic a dheisciobail, agus thóg leo an corp, agus d’adhlaic siad é, agus tháinic siad gur innis do Íosa é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tháinig a dheisceabail, agus rugadar leo an corp, agus d’adhlacadar é; agus d’imthigheadar agus d’inniseadar d’Íosa é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tangadar a dheisciobáil an tansin, agus rugadar chorp léo, agus do adhlacadar é, agus tangadar agus do mniseadar sin Díosa. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tháinig a dheisgiobuil agus do rugadar leó a chorp, agus d’adhlacadar é; agus thánadar agus d’innseadar é d’Íosa. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tháinig deisceabail Eoin agus thóg siad leo an corp chun a adhlactha; tháinig siad ansin dá insint dʼÍosa. |
Tugadh a cheann isteach ar mhias le tabhairt don chailín agus rug sise ag triall ar a máthair é.
Agus nuair a chuala Íosa é, chuaigh sé i leataobh as sin i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. Ach fuair na sluaite scéala air, agus tháinig siad amach as na cathracha á leanúint dá gcois.
Ar a chloisteáil sin dá dheisceabail, tháinig siad agus thóg a chorp agus chuir i dtuama é.
Agus d'ardaigh daoine diaganta áirithe corp Stiofáin leo chun é a adhlacadh agus rinne siad caoineadh mór os a chionn.