Sceacha agus feochadáin a thabharfaidh sé duit, agus íosfaidh tú luibheanna an bháin.
Matha 13:7 - An Bíobla Naofa 1981 Cuid eile fós de, thit sé i measc an deilgnigh, agus d'fhás an deilgneach aníos agus phlúch é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Thit síolta eile i measc na ndriseog, agus dʼfhás na driseoga aníos gur thacht siad iad. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thuit tuilleadh acu fríd dhreasógaí, agus d’fhás na dreasógaí gur phlúch siad iad. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do thuit cuid eile dhe ar an drisleach; agus d’fhás an drisleach, agus do thacht sé é; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do thuit cuid eile dhe eidi mhuineach; agus do éirghe an muineach súas, agus do mhuch sé é: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do thuit cuid eile acu ameasg na sgeach; agus d’fhás na sgeacha agus mhúchadar iad. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Cuid eile fós de, thit sé i measc an deilgnigh, agus dʼfhás an deilgneach aníos agus phlúch é. |
Sceacha agus feochadáin a thabharfaidh sé duit, agus íosfaidh tú luibheanna an bháin.
An duine a ghlac an síol sa deilgneach, sin é an duine a chluineann an briathar, ach go mbíonn cúram an tsaoil agus mealladh an tsaibhris ag plúchadh an bhriathair agus fágtar gan toradh a thabhairt é.
Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile.
Thit cuid eile den ghrán sa deilgneach, agus d'fhás an deilgneach aníos agus phlúch é, agus níor thug sé aon toradh uaidh.
Thit tuilleadh de i lár an deilgnigh, agus tháinig an deilgneach aníos in éineacht leis agus phlúch é.