Agus sin é an fáth a bhfuilim ag caint i bparabail leo, mar feiceann siad gan feiceáil agus cluineann siad gan cloisteáil agus gan tuiscint.
Matha 13:34 - An Bíobla Naofa 1981 Labhair Íosa na nithe sin uile i bparabail leis na sluaite: ní dhéanadh sé caint ar bith leo gan pharabal, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dúirt Íosa é sin uile leis na sluaite i bhfáithscéalta; ar ndóigh ní dúirt sé aon ní leo siúd gan fáithscéal. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Labhair Íosa na neithe seo uilig leis na sluaighte i bhfáithscéalta, agus ní labharadh sé leo acht i bhfáithscéalta. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Do labhair Íosa na neithe sin uile leis na sluaightibh i samhlaoidibh; agus nior labhair sé leo‐san acht i samhlaoidibh: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do labhair Iósa na neithesi uile ris an bpubal a gcosamhlachdaibh; agus níor labhair sé ríu achd a gcosamhlachdaibh: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Do labhair Íosa na neithe seo go léir leis na daoine i bhfuirm soluídí; agus níor labhair sé leó ach i soluídíbh; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Labhair Íosa na nithe sin uile i bparabail leis na sluaite: ní dhéanadh sé caint ar bith leo gan pharabal, |
Agus sin é an fáth a bhfuilim ag caint i bparabail leo, mar feiceann siad gan feiceáil agus cluineann siad gan cloisteáil agus gan tuiscint.
Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail. Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl.
Labhair Íosa an tsolaoid sin leo, ach níor thuig siadsan cad a bhí á rá aige leo.
Labhair mé an méid sin libh i solaoidí. Tá an t‑am ag teacht, nuair nach labhróidh mé libh a thuilleadh i solaoidí, ach inseoidh mé daoibh go soiléir mar gheall ar an Athair.
Dúirt a dheisceabail leis: “Féach, tá tú ag caint go hoscailte feasta agus ní solaoid ar bith atá tú á rá.