Tháinig a chuid sclábhaí go dtí an fear tí agus dúirt siad leis: ‘A mháistir, an síol a chuir tú i do ghort, nach síol maith a bhí ann? Agus cad a thug an cogal ann más ea?’
Matha 13:28 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leo: ‘Namhaid éigin a rinne an méid sin.’ ‘Agus ar mhaith leat,’ deir na sclábhaí leis, ‘go rachaimis á bhailiú chun a chéile?’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ar seisean leo, ‘Is namhaid a rinne seo orm.’ Dʼfhiafraigh na seirbhísigh de ansin, ‘An toil leat sinne a dhul á bhailiú?’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt seisean leo: Is námha a rinne seo. Agus dubhairt na seirbhísigh leis: An toil leat sinn a dhul agus é a bhaint? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt seisean leo, Námhaid do‐rinne é sin. Agus adeir na searbhóntaí leis, An áil leat go rachaimíd agus go gcnuasfaimíd é? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seision ríu, Easgcara éigin do rinne so. Agus a dubhradar na searbhfhoghantuidhe ris, A nail leachd air a nadhbharsin go ndeachmáoisne agus gi gcruinneochamaois a bhfochair a chéile íad? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó: Namhaid a dhein an nídh sin. Agus dubhairt na seirbhísigh leis: An toil leat sinn do dhul agus an cogal a bhaint? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leo: ‘Namhaid éigin a rinne an méid sin.’ ‘Agus ar mhaith leat,’ deir na sclábhaithe leis, ‘go rachaimis dá bhailiú chun a chéile?’ |
Tháinig a chuid sclábhaí go dtí an fear tí agus dúirt siad leis: ‘A mháistir, an síol a chuir tú i do ghort, nach síol maith a bhí ann? Agus cad a thug an cogal ann más ea?’
‘Ná déanaigí,’ ar seisean, ‘ar eagla, nuair a bheadh sibh ag bailiú an chogail, go sracfadh sibh an t‑arbhar aníos san am céanna.
Mairigí le chéile go síochánta. Impímid oraibh, a bhráithre, foláireamh a thabhairt do na daoine neamhchúiseacha, na daoine faiteacha a spreagadh, cabhrú leis na laga agus bheith foighneach le cách uile.