Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Cá has a dtáinig tú?” D'fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: “Ó bheith ag fuaidreamh ar fud an domhain, agus ag siúl anonn is anall ann.”
Matha 12:43 - An Bíobla Naofa 1981 “Nuair a bhíonn an spiorad míghlan imithe amach as an duine, gabhann sé trí áiteanna tíortha ag lorg faoisimh, agus ní fhaigheann. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Nuair a bhíonn an sprid neamhghlan imithe as duine, siúlann sí na háiteanna gan uisce ag iarraidh suaimhnis, ach ní bhíonn an suaimhneas le fáil aici. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara I ndiaidh dul amach as duine do’n Spiorad neamhghlan, siubhlann sé fríd áiteacha tirime ar lorg suaimhnis, agus ní fhaghann sé é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht an spioraid neamh‐ghlan, nuair théigheas sí as an duine amach, siubhlann sé ar fán tríd na h‐áiteannaibh tiorma, ar lorg suaimhnis, agus ní fhaghann sí é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tar eís dul don spioraid neamhghlain as an duine amach, síobhluidh se thrí ionadaibh tíorma, ag iárraidh suáimhnis, agus ní fhaghann é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a théigheann an spioraid neamhghlan amach as an nduine, siúbhlann sé tré áiteana feóchta ag lorg suaimhnis, agus ní fhaghann sé é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Nuair a bhíonn an spiorad míghlan imithe amach as an duine, gabhann sé trí áiteanna tíortha ag lorg faoisimh, agus ní fhaigheann. |
Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Cá has a dtáinig tú?” D'fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: “Ó bheith ag fuaidreamh ar fud an domhain, agus ag siúl anonn is anall ann.”
Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Cá has a dtáinig tú?” D'fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: “Ó bheith ag fuaidreamh ar fud an domhain, agus ag siúl anonn is anall ann.”
Ar na dumhcha osclóidh mé aibhneacha agus fuaráin uisce i lár na ngleannta. Déanfaidh mé lochán den ghaineamhlach agus toibreacha den talamh tirim.
Deir sé ansin: ‘Rachaidh mé ar ais chun mo thí as ar tháinig mé amach.’ Agus ar theacht dó, faigheann sé folamh é, scuabtha, maisithe.
Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhic Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?”
Agus Síomón féin chreid sé chomh maith le cách agus tar éis a bhaiste, chloígh sé go dlúth le Pilib agus thagadh alltacht air nuair a d'fheiceadh sé na míorúiltí agus na héachtaí móra a bhí a ndéanamh.
Bígí measartha agus déanaigí faire, mar tá bhur n‑áibhirseoir, an diabhal, ag gabháil timpeall mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir dhuine éigin le slogadh.