Eisean a ghnóthaigh ar ais críocha Iosrael ó Bhealach Hamát go Muir an Arabá, de réir bhriathar an Tiarna Dia Iosrael a labhair sé ó bhéal Ióna mac Amaití a shearbhónta, an fáidh ó Ghat Héifir.
Matha 12:39 - An Bíobla Naofa 1981 Ach dúirt sé leo á bhfreagairt: “Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna fáidh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach is é an freagra a thug sé orthu, “Bíonn an ghlúin seo an oilc agus an adhaltranais ag iarraidh comhartha; ach ní thabharfar aon chomhartha di ach comhartha an fháidh Ióna. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht dubhairt seisean leo, ghá bhfreagairt: Iarrann droch-ghlúin adhaltrannach cómhartha, agus ní thabharfar cómhartha dí, acht cómhartha Iónais, fáidh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo, Iarrann droch‐shliocht adhaltrannach cómhartha; agus ní tabharfar cómharta dhóibh acht cómhartha Iónáis fáidh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd ar bhreagra dhósan, a dúbhairt sé ríu, Iarruidh an geinealach olc agus adhaltrannach comhartha; agus ní tiobharthar comhartha dhóibh, achd an comhartha úd Iónas an fhaidh: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhreagair sé iad: Tá droch-shliocht adhaltranach ag lorg cómhartha; agus ní tabharfar de chómhartha dhóibh ach cómhartha Iónais an fáidh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna fáidh. |
Eisean a ghnóthaigh ar ais críocha Iosrael ó Bhealach Hamát go Muir an Arabá, de réir bhriathar an Tiarna Dia Iosrael a labhair sé ó bhéal Ióna mac Amaití a shearbhónta, an fáidh ó Ghat Héifir.
Ach tagaigí sibhse i leith anseo, a chlann na caillí feasa, a phór an adhaltranaigh agus na striapaí.
Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna” - a bhfágáil ansin agus ag imeacht leis.
Rinne sé osna dhomhain ina spiorad agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil an ghlúin seo ag lorg comhartha? Deirim libh go fírinneach, ní thabharfar comhartha don ghlúin seo.”
Óir cibé ar nár leis mise agus mo bhriathra sa ghlúin adhaltrach pheacúil seo, is nár le Mac an Duine eisean mar an gcéanna nuair a thiocfaidh sé i nglóir a Athar in éineacht leis na haingil naofa.”
A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin.