Matha 12:3 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leo: “An ea nár léigh sibh mar a rinne Dáiví é nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ls é a dúirt sé leo, “An é nár léigh sibh faoin rud a rinne Dáibhí, nuair a bhí an t‑ocras air féin, agus ar an dream a bhí ina chuideachta: Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht dubhairt Íosa leo: Nó nár léigh sibh cad é rinne Dáibhidh nuair a bhí ocras air féin, agus ar a raibh i n-aoinfheacht leis? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht adubhairt seisean leo, An é nár léigheabhar créad do‐rinne Dáibhi, an tráth ’n‐a raibh ocras air féin, agus ortha‐san do bhí ’n‐a fhochair; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seision ríu, A né nár léaghabhair créd do rinne Dáibhi, an tan do bhí ocras air féin, agus ar an mhuinntir do bhí ná fharradh; Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach dubhairt seisean leó: An amhlaidh nár léigheabhair cad a dhein Dáibhid nuair a bhí ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n-aonfheacht leis? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leo: “An ea nár léigh sibh mar a rinne Dáiví é nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh? |
Chonaic na Fairisínigh é sin agus dúirt siad: “Féach, tá do dheisceabail ag déanamh ruda nach dleathach a dhéanamh lá sabóide.”
Conas mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé agus mar a d'ith builíní na fianaise, siúd is nár dhleathach dó féin ná dá chompánaigh iad a ithe, ach do na sagairt amháin.
Nó fós, nár léigh sibh sa dlí, na sagairt sa Teampall lá sabóide, go sáraíonn siad an tsabóid agus nach mbíonn locht ar bith orthu?
D'fhreagair sé agus dúirt: “Nár léigh sibh go ndearna an Cruthaitheoir ó thús iad fireann agus baineann
Dúirt siad leis: “An gcluineann tú cad tá á rá acu seo?” “Cinnte!” arsa Íosa leo, “nár léigh sibh riamh é seo: ‘As béal naíonán agus leanaí deoil bhain tú moladh amach duit féin’?”
Nár léigh sibh an scrioptúr seo: ‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne;
Maidir leis na mairbh a éirí arís, nár léigh sibh i Leabhar Mhaois, sa dréacht faoin Tor, conas mar a labhair Dia leis agus a dúirt: ‘Is mise Dia Abrahám, agus Dia Íosác, agus Dia Iacóib.’
Agus d'fhreagair Íosa iad á rá: “An ea nár léigh sibh faoin rud úd a rinne Dáiví nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh -