Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 10:35 - An Bíobla Naofa 1981

Óir tháinig mé chun duine a chur bunoscionn lena athair agus an iníon lena máthair agus bean mhic le máthair a céile,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Mar tháinig mise le fear a chur in aghaidh a athar, agus leis an iníon a chur in aghaidh a máthar, agus le bean an mhic a chur in aghaidh a máthair chéile;

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Óir tháinic mé chun duine a chur i n-achrann le n-a athair, agus inghean le n-a máthair, agus bainchliamhain le máthair a céile.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Óir thánag chum an duine do chur i gcoinnibh a athar, agus an inghean do chur i gcoinnibh a máthar, agus bean an mhic do chur i gcoinnibh máthar a céile:

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Oír tháinic me do chur duine a naghuidh a athar, agus na hinghine a naghuidh a mathar, agus mná an mhic a naghuidh mathar a céile.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Óir do thánag chun an duine chur i n-earaid le n-a athair, agus chun na h-inghine chur i n-aghaidh a máthar, agus chun mná an mhic do chur i n-aghaidh máthar a céile.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Óir tháinig mé chun duine a chur bunoscionn lena athair agus an iníon lena máthair agus bean mhic le máthair a céile,

Féach an chaibidil



Matha 10:35
6 Tagairtí Cros  

Tabharfaidh an deartháir a dheartháir féin suas chun báis, agus an t‑athair a pháiste féin; éireoidh an chlann amach in aghaidh a dtuismitheoirí agus básóidh siad iad.


Ansin, clisfidh ar mhórán, beidh siad ag fealladh ar a chéile agus ag fuathú a chéile.


Tabharfaidh an deartháir a dheartháir suas chun báis, agus an t‑athair a mhac; éireoidh an chlann in aghaidh a dtuismitheoirí agus cuirfidh siad chun báis iad.


athair le mac agus mac le hathair, máthair le hiníon agus iníon le máthair; máthair chéile le bean a mic, agus bean mhic le máthair a céile.”


Tabharfar ar láimh sibh ag bhur dtuismitheoirí féin, fiú amháin, ag bhur ndeartháireacha, ag bhur ngaolta, ag bhur gcairde, agus básófar cuid agaibh,