Ach chuir sé mar acht orthu go crua gan a fhios seo a bheith ag aon duine, agus dúirt rud le hithe a thabhairt di.
Lúcás 8:55 - An Bíobla Naofa 1981 Agus tháinig an spiorad ar ais inti, agus d'éirigh sí láithreach; agus d'ordaigh sé rud le hithe a thabhairt di. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼfhill a hanam chuici, agus dʼéirigh sí ina suí ar an toirt; agus dʼordaigh sé go dtabharfaí bolgam bia di. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus tháinic a spiorad thar ais, agus d’éirigh sí ar an bhall. Agus d’órduigh sé rud a thabhairt le h-ithe dí. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tháinig a h‐anam ar ais, agus d’éirigh sí aniar ar an láthair: agus d’órduigh seisean rud le n’ithe thabhairt dí. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus táinic a spiorad a rís innte, agus déirigh sí ar an mball: agus do aithin sé bíadh do thabhairt dí. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tháinig a h-anam thar n-ais, agus d’eirigh sí láithreach. Agus dubhairt sé rud le n-ithe thabhairt di. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus tháinig an spiorad ar ais inti, agus mʼéirigh sí láithreach; agus dʼordaigh sé rud le hithe a thabhairt di. |
Ach chuir sé mar acht orthu go crua gan a fhios seo a bheith ag aon duine, agus dúirt rud le hithe a thabhairt di.
Agus tháinig alltacht ar a tuismitheoirí; ach thug sé ordú dóibh gan a insint d'aon duine cad a tharla.
Agus tháinig an marbhán amach agus éadaí báis fillte ar a lámha agus a chosa agus brat ar a cheannaithe. Dúirt Íosa leo: “Scaoiligí é agus ligigí chun siúil é.”