Má fheiceann tú asal fear d'fhuatha ar lár faoina ualach, in áit é a sheachaint, téigh i gcabhair air á thógáil.
Lúcás 5:7 - An Bíobla Naofa 1981 agus sméid siad ar a gcomrádaithe sa bhád eile teacht i gcabhair orthu. Tháinig siad agus líon an dá bhád nó go raibh siad ar tí dul faoi. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) bhagair siad ar fhoireann an bháid eile a bhí i gcomhar leo teacht a chuidiú leo. Agus tháinig siad agus líon siad an dá bhád, ionas gur thosaigh siad ar dhul síos san uisce. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thug siad cómhartha dá gcomrádaidhthe a bhí san luing eile teacht agus cuidiughadh leo. Agus tháinic siad, agus líon siad an dá luing, ionnas go raibh siad chómhair a bheith ag dul faoi uisce. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do bhagradar ar a bpáirtidhthibh sa mbád eile teacht le congnamh thabhairt dóibh. Agus thángadar‐san, agus do líonadar an dá bhád, i dtreo go rabhadar i riochtaibh dul fá uisce. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do sméideadar ar a gcompánachuibh, do bhí ann sa luing eile, do chum go dtiocfaidis chuca do thabhairt chunghnamh, dhóibh. Agus thangadarsan, agus do líonadar an dá luing, ionnus go rabhadar a niunmhe a mbáidhte. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do bhagradar ar a gcáirde a bhí sa luing eile teacht agus congnamh a thabhairt dóibh. Agus do thánadar, agus do líonadar an dá luing, i dtreó go rabhadar nách mór ag dul fé uisge. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus sméid siad ar a gcomrádaithe sa bhád eile teacht i gcabhair orthu. Tháinig siad agus líon an dá bhád nó go raibh siad ar tí dul faoi. |
Má fheiceann tú asal fear d'fhuatha ar lár faoina ualach, in áit é a sheachaint, téigh i gcabhair air á thógáil.
[Tá cairde ann] a sheolann daoine chun na tubaiste, ach tá a thuilleadh ann ar gaire iad ná deartháir.
Agus ag fágáil an tslua ina ndiaidh, thug siad leo é sa bhád mar a bhí sé, agus bhí báid eile á thionlacan.
Nuair a rinne siad é sin, cheap siad clais mhór éisc. Bhí a gcuid líonta ag briseadh,
Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.”
Déanaigí ualaí a chéile a iompar agus sa tslí sin beidh sibh ag comhlíonadh dlí Chríost.
agus iarraim ortsa, a pháirtí dhil, lámh chúnta a thabhairt dóibh mar gur sheas siad gualainn ar ghualainn liomsa ag cosaint an dea-scéil, mar aon le Cléimins agus leis na cúntóirí eile agam a bhfuil a n‑ainmneacha scríofa i leabhar na beatha.