Coimeádaigí mo reachtanna. Ná scaoiligí bhur n‑eallach chun dáir le malairt chineáil. Ná cuir síol measctha i d'ithir agus ná cuir ball éadaigh dhá ábhar umat.
Lúcás 5:36 - An Bíobla Naofa 1981 Agus dúirt sé parabal leo: “Ní shracann aon duine píosa as casóg nua lena chur mar phreabán ar sheanchasóg: má dhéanann, beidh an chasóg nua sractha aige, agus fós ní réiteoidh an preabán as an gcasóg nua leis an sean. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dʼinis sé fáithscéal dóibh freisin: “Ní stróiceann aon duine píosa as éadach nua go gcuireann é ar sheanéadach; mar má dhéanann sé amhlaidh, ní dhéanfaidh sé ach an t‑éadach nua a stróiceadh, agus gan an píosa as an éadach nua ag cur leis an seanéadach. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus labhair sé samhlaoid leo fosta: Ní chuireann aoinneach paiste as ball nua éadaigh ar shean-bhall éadaigh, nó strócann sé an rud nua, agus ní fhóireann an ball nua do’n tsean-bhall. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé leo tré shamhlaoid: Ní stiallann aoinneach preabán de bhrat nua chum sean‐bhrat do dheishiú; óir stiallfaidh sé an t‐éadach nua, agus ní oirfidh an preabán do baineadh ó’n éadach nua do’n tsean‐éadach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt sé fós tré chosamhlachd ríu; Ní chuireann neach ar bith preabán éuduigh núa air sheanchulaidh, nó, brisidh an téudach núa é, agus ní thig an preabán núaéuduigh leis a tseinéudach? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó i soluíd: Ní chuireann aoinne preabán, gearrtha de bhall éadaigh a bheadh nua, mar dheisiú ar sheana-bhall éadaigh, mar do loitfeadh sé an t-éadach nua, agus an preabán a baineadh de’n éadach nua ní oirfeadh sé do’n tsean-éadach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus dúirt sé parabal leo: “Ní shracann aon duine píosa as casóg nua lena chur mar phreabán ar sheanchasóg: má dhéanann, beidh an chasóg nua sractha aige, agus fós ní réiteoidh an preabán as an gcasóg nua leis an sean. |
Coimeádaigí mo reachtanna. Ná scaoiligí bhur n‑eallach chun dáir le malairt chineáil. Ná cuir síol measctha i d'ithir agus ná cuir ball éadaigh dhá ábhar umat.
Ach tiocfaidh na laethanta, agus nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu, ansin déanfaidh siad troscadh sna laethanta sin.”
Ná ní chuireann aon duine fíon nua i seanseithí: má chuireann, pléascfaidh an fíón nua na seithí; doirtfear an fíon agus millfear na seithí.
Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is teampall Dé bheo sinne, de réir mar atá ráite ag Dia féin: “Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc, beidh mé i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.