Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.
Lúcás 5:18 - An Bíobla Naofa 1981 Tháinig fir an treo agus iad ag iompar ar leaba duine a bhí ina phairiliseach, agus bhí siad ag iarraidh é a bhreith isteach agus é a chur ina láthair. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus féach, bhí fir ag iompar fir, a raibh an phairilis air, ar leaba, agus bhí siad ag iarraidh é a thabhairt isteach agus a ligean síos os comhair Íosa; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus féach, bhí fir ag iomchar ar leabaidh duine a raibh galar creathach air, agus bhí siad ag iarraidh é thabhairt isteach agus é leagan ós a chómhair, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus féach, daoine agus fear pairilise ar iomchar ar thocht aca: agus do bhíodar ag iarraidh a thabhairt isteach, agus a chur ’n‐a láthair roimhe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus, féuch, do íomchradar dáoine a leabuidh oglach do bhí a bpairilis: agus do íarradar a thabhairt a sdeach, agus a chur na fhíadhnuisisean. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus féach, daoine agus fear acu d’á iompar ar thocht, agus é gan lúth, agus bhíodar a d’iarraidh é bhreith isteach agus é chur ’n-a láthair; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tháinig fir an treo agus iad ag iompar ar leaba duine a bhí ina phairiliseach, agus bhí siad ag iarraidh é a bhreith isteach agus é a chur ina láthair. |
Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.
Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh - deirim leat,” ar seisean leis an bpairiliseach, “éirigh, tóg leat do réleaba, agus imigh abhaile.”
Tháinig sé ar dhuine ann arbh ainm dó Aenéas - pairiliseach a bhí ag coimeád na leapa le hocht mbliana anuas.