Bhí an póirse os comhair halla an Teampaill fiche banlámh ar fhad, ar feadh leithead an Teampaill, agus bhí sé céad agus a fiche banlámh ar airde. Rinne sé é a chumhdach laistigh le hór fíre.
Lúcás 4:9 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin sheol sé go Iarúsailéim é, chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith tú féin as seo síos; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus thug sé leis é gur thug sé go hIarúsailéim é, agus chuir sé é ar bheann an teampaill, go ndúirt leis, “Más tú Mac Dé, caith síos as sin thú féin; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thug sé go h-Ierusalem é, agus chuir sé ar bheinn an teampaill é, agus dubhairt leis: Má’s Mac Dé thú, teilg thú féin síos as seo. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin do threoruigh sé go h‐Iarúsalem é, agus do chuir sé ar bhinn an teampaill é, agus adubhairt sé leis, Má’s tú Mac Dé, caith thú féin as so le fánaidh síos; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do thréoruigh sé é go Híarusalím agus do shuighidh sé é ar bheinn an teampoill, agus a dubhairt sé ris, Mas tú Mac Dé teilg thú féin síos as so: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do rug sé leis é isteach i n-Ierúsalem, agus chuir sé ’n-a sheasamh é ar spuaic an teampail, agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac De caith thu féin le fánaidh; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin sheol sé go hIarúsailéim é, chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith thú féin as seo síos; |
Bhí an póirse os comhair halla an Teampaill fiche banlámh ar fhad, ar feadh leithead an Teampaill, agus bhí sé céad agus a fiche banlámh ar airde. Rinne sé é a chumhdach laistigh le hór fíre.
Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Féach! tá sé faoi do chumhacht; ach caomhnaigh a anam, sin uile!”
Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhic Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?”
óir tá scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil mar gheall ort, chun go ngardálfaidís tú’;
Dúirt an diabhal leis: “Más tú Mac Dé, abair leis an gcloch seo arán a dhéanamh di.”
ach sa mhéid gur spiorad na naofachta é tá sé oirnithe i gcumhacht mar Mhac do Dhia ó aiséirí dó ó mhairbh.