Agus sin mar atá á comhlíonadh iontu an tairngreacht a rinne Íseáia: ‘Beidh sibh ag cloisteáil go deimhin ach ní thuigfidh sibh, beidh sibh ag breathnú go deimhin, ach ní fheicfidh sibh,
Lúcás 4:21 - An Bíobla Naofa 1981 Agus thosaigh sé ag rá leo: “Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta i gclos bhur gcluas.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus thosaigh sé ar a rá leo, “Is inniu a comhlíonadh an Scrioptúr seo in bhur n‑éisteacht.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thoisigh sé a rádh leo: Indiu tá an scrioptúir seo ar a chóimhlíonadh i bhur gcluasa. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do thosnuigh sé ar a rádh leo, Atá an scrioptúir cóimhlíonta indiu i n‐bhúr gcluasaibhse. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do thionnsgain sé a rádh ríu, niugh a tá an sgiobtúirso ar na choimhlíonadh an bhur gclúasuibhsi. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus thusnuigh sé ar a rád leó: Tá an scriptiúir sin tagaithe chun cinn indiu i nbhúr gcluasaibh-se. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus thosaigh sé ag rá leo: “Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta i gclós bhur gcluas.” |
Agus sin mar atá á comhlíonadh iontu an tairngreacht a rinne Íseáia: ‘Beidh sibh ag cloisteáil go deimhin ach ní thuigfidh sibh, beidh sibh ag breathnú go deimhin, ach ní fheicfidh sibh,
D'fhill sé an leabhar ina chéile, thug ar ais don seirbhíseach é, agus shuigh. Agus bhí súile a raibh sa tsionagóg dlúite air.
Agus thug cách fianaise air, b'ionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é mac Iósaef é seo?”
Déanann sibh na scrioptúir a spiúnadh mar gur dóigh libh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibh iontu: agus is iadsan atá ag tabhairt fianaise i mo thaobhsa,
Ar an gcuma sin is ea a thug Dia chun críche an rud úd a bhí réamhfhógartha aige trí bhéal na bhfáithe uile: nárbh fholáir dá Mheisias an pháis a fhulaingt.