Ansin d'fhág an diabhal é, agus tháinig na haingil chuige agus bhí siad ag freastal air.
Lúcás 4:13 - An Bíobla Naofa 1981 Agus tar éis don diabhal é a phromhadh i ngach slí, d'fhág sé é nó go dtiocfadh an uain. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a bhí críoch curtha ar a chathuithe uile ag an diabhal, dʼimigh sé uaidh go dtí go bhfaigheadh sé faill eile air. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a bhí na cathuighthe go léir críochnuighthe, d’fhág an diabhal é ar feadh tamaill. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do bhí gach cathú críochnuighthe ag an diabhal, d’imthigh sé uaidh ar feadh tamaill. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar ccur críche ar a chathuighthibh uile don díabhal, dtág sé eisean ar feadh tamuill. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bhí an cath go léir críochnuighthe d’imthigh an diabhal uaidh ar feadh aimsire. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus tar éis don diabhal é a phromhadh i ngach slí, dʼfhág sé é nó go dtiocfadh an uain. |
Ansin d'fhág an diabhal é, agus tháinig na haingil chuige agus bhí siad ag freastal air.
Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Tá ráite: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’ ”
Agus d'fhill Íosa le neart an Spioraid ar an nGailíl, agus leath a cháil ar fud na tíre go léir.
Ní labhróidh mé mórán eile libh, mar tá prionsa an tsaoil seo ag teacht agus níl neart ar bith aige ormsa.
Ní amhlaidh atá ardsagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh.
Géilligí dá bhrí sin do Dhia; cuirigí i gcoinne an diabhail agus teithfidh sé uaibh.