Ón uair sin amach, thosaigh Íosa á thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go Iarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.
Lúcás 24:7 - An Bíobla Naofa 1981 mar a dúirt nárbh fholáir Mac an Duine a thabhairt ar láimh do pheacaigh, agus é a chéasadh, agus é a éirí an treas lá.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) go gcaithfí Mac an duine a thabhairt i lámha peacach, agus bheith á chéasadh, agus éirí ar an tríú lá ó mhairbh.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ag rádh: Is éigean do Mhac an Duine a thabhairt i lámha dhaoine peacthach, agus a chéasadh, agus éirghe arís an treas lá. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) gurbh éigean go dtiubharthaidhe Mac an Duine ar láimh do na peacachaibh, agus a chéasadh, agus a aiséirghe an treas lá. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ag rádh, Is éigin Mac an duine do thabhairt a lámhuibh dháoine peacthach, agus a chrochadh, agus a eiséirghe an treas lá. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Nuair adubhairt sé: Ní foláir Mac an Duine do thabhairt i láimh na bpeacach, agus é chéasadh, agus é dh’eirighe an trímhadh lá. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 mar a dúirt nárbh fholáir Mac an Duine a thabhairt ar láimh do pheacaigh, agus é a chéasadh, agus é a éirí an treas lá.” |
Ón uair sin amach, thosaigh Íosa á thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go Iarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.
Nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost na nithe úd chun go dtiocfadh sé isteach ina ghlóir?”
agus dúirt sé leo: “Is amhlaidh sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost agus go n‑éireodh sé ó mhairbh an treas lá,
Is Giúdaigh ó dhúchas sinne agus ní aon pheacaigh de shliocht gintlí atá ionainn.