Óir, amhail mar a thug Ióna trí lá agus trí oíche i mbolg na hollphéiste, sin mar a bheidh Mac an Duine i gcoim na talún trí lá agus trí oíche.
Lúcás 24:6 - An Bíobla Naofa 1981 Níl sé anseo: tá sé éirithe. Tugaigí chun cuimhne mar a labhair sé libh agus é fós sa Ghailíl, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Cuimhnígí ar a ndúirt sé libh agus é go fóill i nGalailí, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ní fhuil sé annseo, acht d’éirigh sé; cuimhnighigidh mar a labhair sé libh, nuair a bhí sé go fóill san Ghailile, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ní h‐annso atá sé, acht atá sé aiséirighthe: cuimhnighidh mar adubhairt sé libh agus é fós san nGalilé, g‐á rádh An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ní bhfuil sé ann so, achd déirigh sé: cuimhnighidh mar a dubhairt sé féin ribh an feadh do bhí sé fós ann sa Ghalilé Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ní’l sé anso, ach tá sé tar éis eirighthe; cuimhnighidh conus a labhair sé libh agus é fós i nGaililí, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Níl sé anseo: tá sé éirithe. Tugaigí chun cuimhne mar a labhair sé libh agus é fós sa Ghailíl, |
Óir, amhail mar a thug Ióna trí lá agus trí oíche i mbolg na hollphéiste, sin mar a bheidh Mac an Duine i gcoim na talún trí lá agus trí oíche.
Ón uair sin amach, thosaigh Íosa á thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go Iarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.
agus dúirt siad: “A dhuine uasail, tá sé tar éis teacht chun ár gcuimhne go ndúirt an mealltóir úd agus é beo: ‘I gcionn trí lá, aiséireoidh mé.’
Níl sé anseo, mar tá sé éirithe de réir mar a dúirt sé. Tagaigí i leith breathnaigí an áit a raibh sé ina luí.
Ach dúirt sé leo: “Ná bíodh scéin oraibh. Íosa an Nazairéanach, an té a céasadh, atá sibh a lorg. D'éirigh sé. Níl sé anseo. Féach an áit inar chuir siad é.
Thosaigh sé á theagasc dóibh nárbh fholáir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus óna scríobhaithe agus a chur chun báis agus éirí arís tar éis trí lá.
agus é de scéal acu: “Tá an Tiarna éirithe go deimhin agus chonacthas do Shíomón é.”
Ghlac na mná bíogadh agus chrom siad a gceann chun na talún, agus dúirt siadsan leo: “Cad a bheir daoibh a bheith ar lorg an bheo i measc na marbh?
agus dúirt: “Ní foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt, agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.”
“Gabhaigí chugaibh na briathra seo in bhur gcluasa, óir tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do dhaoine.”
Ach thóg Dia ó na mairbh é agus d'fhuascail ó arraingeacha an bháis é, mar níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é. Mar is é a deir Dáiví faoi: