Féachaigí mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann. Láimhseálaigí mé, agus tuigigí nach mbíonn feoil ná cnámha ag spiorad mar a fheiceann sibh atá agamsa.”
Lúcás 24:40 - An Bíobla Naofa 1981 Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chosa. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a dubhairt sé sin, thaisbeán sé a lámha agus a chosa dóibh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair adubhairt sé an méid sin, do thaisbeán sé a lámha agus a chosa dhóibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan a dubhairt sé na neithesi do thaisbéin sé dhóibh a lámha agus a chosa. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a dubhairt sé an méid sin thaisbeáin sé dhóibh a lámha agus a chosa. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chosa. |
Féachaigí mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann. Láimhseálaigí mé, agus tuigigí nach mbíonn feoil ná cnámha ag spiorad mar a fheiceann sibh atá agamsa.”
Agus ó bhí siad gan a chreidiúint fós le barr áthais, agus iad ag déanamh ionadh de, dúirt sé leo: “An bhfuil rud ar bith anseo agaibh a d'íosfaí?”
Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna.
Ansin dúirt sé le Tomás: “Tabhair i leith do mhéar agus féach mo dhearnana, sín amach do lámh agus cuir i mo chliathán í, agus ná bí díchreidmheach ach creidmheach.”