sula bhfille an deannach ar an talamh mar a raibh sé tráth agus anáil na beatha ar Dhia a bhronn í.
Lúcás 24:39 - An Bíobla Naofa 1981 Féachaigí mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann. Láimhseálaigí mé, agus tuigigí nach mbíonn feoil ná cnámha ag spiorad mar a fheiceann sibh atá agamsa.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Féachaigí ar na lámha agus ar na cosa seo, go bhfeice sibh gur mé féin atá ann; mothaígí le bhur méara mé, go bhfeice sibh go bhfuil feoil agus cnámha agam rud nach mbíonn ag taibhse.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Feicigidh mo lámha agus mo chosa, gur mise féin atá ann; mothuighigidh agus feicigidh, óir ní bhíonn feoil agus cnámha ag spiorad, mar atchí sibh agam-sa. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Féachaidh mo lámha agus mo chosa, gur mise atá ann: cuiridh bhúr lámha orm, agus féachaidh; óir ní fhuil feoil agus cnámha ag spioraid, mar do‐chí sibh a bheith agam‐sa. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Feuchaidh mó lámha agus mó chosa, óir is misi féin atá ann: glacaidh, agus féuchaidh mé; oír ní bhfuil féoil na cnámha ag spioruid, mar do chithi agamsa. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Féachaidh mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann; cuiridh bhúr lámha orm agus feicidh; ní’l feóil agus cnámha ag spioraid mar a chíonn sibh atá agam-sa. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Féachaigí mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann. Láimhseálaigí mé, agus tuigigí nach mbíonn feoil ná cnámha ag spiorad mar a fheiceann sibh atá agam-sa.” |
sula bhfille an deannach ar an talamh mar a raibh sé tráth agus anáil na beatha ar Dhia a bhronn í.
Ach chaitheadarsan iad féin ar an mbéal agus ar a bhfiacla, agus dúradar: “A Dhia, a Dhia na spiorad a chuireann anam i ngach feoil, an mbeidh fearg ort leis an gcomhthionól uile de bharr peaca aon duine amháin?”
Agus ghlaoigh Íosa amach de ghlór ard agus dúirt: “A Athair, taobhaím mo spiorad i leith do lámh.” Agus ar a rá sin dó, shíothlaigh sé.
Ach dúirt sé leo: “Cad é an scanradh atá oraibh, agus cad chuige a bhfuil ceisteanna ag teacht in bhur gcroí!
Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna.
Dúirt na deisceabail eile leis: “Chonaiceamar an Tiarna.” Ach dúirt seisean leo: “Mura bhfeicfidh mé rian na dtairní ar a dhearnana, agus mo mhéar a chur i bpoll na dtairní, agus mo lámh ina chliathán, ní chreidfidh mé.”
Ansin dúirt sé le Tomás: “Tabhair i leith do mhéar agus féach mo dhearnana, sín amach do lámh agus cuir i mo chliathán í, agus ná bí díchreidmheach ach creidmheach.”
I ndiaidh a pháise is iomaí cruthú a thug sé dóibh go raibh sé beo, á nochtadh féin dóibh ar feadh daichead lá agus ag cur síos ar ríocht Dé.
Go ndéana Dia na síochána féin, sibh a naomhú go smior; agus go gcoimeádtar slán gan locht sibh idir spiorad agus anam agus chorp i gcomhair theacht ár dTiarna Íosa Críost.
Lena chois sin, nuair a chuireadh ár n‑aithreacha nádúrtha smacht orainn, bhímis urramach dóibh. Nach mó go mór ná sin is ceart dúinn bheith umhal dár n‑athair spioradálta agus an bheatha a shealbhú?
An ní a bhí ó thús, an ní a chualamar, an ní a chonaiceamar lenár súile féin, an ní ar leagamar súil air agus lámh, mar atá, Briathar na beatha -