Nigh do chroí ó urchóid ionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim. Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?
Lúcás 24:38 - An Bíobla Naofa 1981 Ach dúirt sé leo: “Cad é an scanradh atá oraibh, agus cad chuige a bhfuil ceisteanna ag teacht in bhur gcroí! An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ar seisean leo, “Cad é ábhar bhur mbuartha agus cad chuige a bhfuil an t‑amhras ag fás in bhur gcroíthe? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt seisean leo: Cad chuige a bhfuil sibh fríd a chéile, agus cad chuige a n-éirigheann smaointe i bhur gcróidhe? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt seisean leo, Cad chuige a bhfuil buaidhirt oraibh? agus cad chuige a bhfuil ceisteanna ag éirghe i n‐bhúr gcroidhe? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seision ríu; Créd fá bhduilti ar bhar mbúaidhreadh, agus créd fá a néirghid smúaintighe ann bhar gcroidhthibh? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh an t-eagla bheith oraibh, agus smuínte bheith ag eirighe i nbhúr gcroidhe? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dúirt sé leo: “Cad é an scanradh atá oraibh, agus cad chuige a bhfuil ceisteanna ag teacht in bhur gcroí! |
Nigh do chroí ó urchóid ionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim. Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?
Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil an machnamh seo in bhur gcroí, a lucht an bheagán creidimh, mar nár thug sibh an t‑arán libh?
Féachaigí mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann. Láimhseálaigí mé, agus tuigigí nach mbíonn feoil ná cnámha ag spiorad mar a fheiceann sibh atá agamsa.”
Níl créatúr ar bith ann nach follas dó é; mar tá gach ní lom agus nocht do shúile an té sin a gcaithfimid cuntas a thabhairt dó inár ngníomhartha.