Ach imígí agus abraigí lena dheisceabail agus le Peadar: ‘Tá sé ag dul romhaibh don Ghailíl; ansiúd a fheicfidh sibh é faoi mar a dúirt sé libh.’ ”
Lúcás 24:34 - An Bíobla Naofa 1981 agus é de scéal acu: “Tá an Tiarna éirithe go deimhin agus chonacthas do Shíomón é.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus iad á rá, “Tá an Tiarna i ndiaidh éiríthe i ndáiríre agus é tar éis é féin a thaispeáint do Shíomón!” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ag rádh: D’éirigh an Tighearna go fíor, agus thaisbeán sé é féin do Shíomon. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus adubhradar‐san leo, Atá an Tighearna éirighthe go deimhin, agus do thaisbeán sé é féin do Shíomón. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ag rádh, Déirigh an Tighearna go firinneach, agus taisbéanadh do Shíomón é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus: Tá an Tighearna eirighthe go deimhin, agus thaisbeáin sé é féin do Shímón, ar siad. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus é de scéal acu: “Tá an Tiarna éirithe go deimhin agus chonacthas do Shíomón é.” |
Ach imígí agus abraigí lena dheisceabail agus le Peadar: ‘Tá sé ag dul romhaibh don Ghailíl; ansiúd a fheicfidh sibh é faoi mar a dúirt sé libh.’ ”
Níl sé anseo: tá sé éirithe. Tugaigí chun cuimhne mar a labhair sé libh agus é fós sa Ghailíl,
Agus nuair a chonaic an Tiarna í, ghlac sé trua di agus dúirt léi: “Ná bí ag gol.”
agus chuir scéala go dtí an Tiarna á rá: “An tú an té atá le teacht, nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?”
I ndiaidh a pháise is iomaí cruthú a thug sé dóibh go raibh sé beo, á nochtadh féin dóibh ar feadh daichead lá agus ag cur síos ar ríocht Dé.