Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 24:19 - An Bíobla Naofa 1981

Dúirt sé leo: “Cad iad na nithe?” Dúirt siad leis: “Mar gheall ar Íosa - Nazairéanach, duine a bhí ina fháidh éifeachtach ó ghníomh agus ó bhriathar i bhfianaise Dé agus an phobail uile;

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus ar seisean, “Cad é sin?” Agus dúirt siad leis, “An méid a bhain le hÍosa Nasara, a bhí ina fháidh mór i mbriathar agus i ngníomh os comhair Dé agus os comhair na ndaoine uile,

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus dubhairt sé leo: Cá h-iad na neithe? Agus dubhairt siad: Fá Íosa as Nasair, fear a bhí ina fháidh chumhachtach i ngníomh agus i mbriathar ós cómhair Dé agus na ndaoine go léir,

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus adubhairt seisean leo, Créad iad na neithe? Agus adubhradar‐san leis, Na neithe i dtaobh Íosa Nasardha do bhí ’n‐a fháidh cumhachtach i ngníomh agus i mbriathar i láthair Dé agus daoine:

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus a dubhairt seision ríu, Créd iad na neithe? Agus a dubhradarsan ris, Na neither tháobh Iósa Nasardha, do bhí na fhaigh chumhachdach a ngniómh agus a mbreithir a bfiadhnuisi Dé, agus an phobuil uile:

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus dubhairt sé leó: Cad iad na neithe? Agus dubhradar: I dcaobh Íosa Nasareit a bhí i n-a fháidh, cómhachtach i ngníomh agus i mbriathar i láthair Dé agus daoine,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Dúirt sé leo: “Cad iad na nithe?” Dúirt siad leis: “Mar gheall ar Íosa–Nazairéanach, duine a bhí ina fháidh éifeachtach ó ghníomh agus ó bhriathar i bhfianaise Dé agus an phobail uile;

Féach an chaibidil



Lúcás 24:19
13 Tagairtí Cros  

Agus deireadh na sluaite: “Is é seo Íosa, an fáidh ó Nazarat sa Ghailíl.”


“Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Chun ár millte a tháinig tú. Is eol dom cé hé thú: Naomh Dé.”


Dúirt duine acu leis á fhreagairt - Cleopas ab ainm dó: “An tusa an t‑aon duine amháin atá ag cur fút in Iarúsailéim atá in ainbhios ar na nithe a tharla ann sna laethanta seo?”


Agus ghabh uamhan cách, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, ag rá: “Tá fáidh mór éirithe inar measc”; agus: “Rinne Dia a phobal a fhiosrú.”


Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: “Tá fhios againn, a raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.”


Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú.


Nuair a chonaic na daoine, mar sin, cad é mar chomhartha a bhí déanta ag Íosa, dúirt siad: “Is é seo go dearfa an fáidh atá le teacht ar an saol.”


D'fhreagair siad agus dúirt leis: “An amhlaidh is Gailíleach tusa chomh maith? Cuardaigh an scrioptúr agus féach nach n‑éiríonn fáidh ón nGailíl.”


an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.


“A fheara Iosrael, éistigí leis na briathra seo: Fear ab ea Íosa Nazórach ar thug Dia féin teastas daoibh air leis na míorúiltí agus na héachtaí agus na fearta a rinne Dia tríd fad a bhí sé in bhur measc, mar is eol daoibh féin.


Múineadh eagna uile na nÉigipteach dó agus is é a bhí cumasach i mbriathar agus i ngníomh.


Ardóidh an Tiarna do Dhia suas fáidh mar mise duit ó do lár, ó do bhráithre; tugaigí aird airsean.