Lúcás 24:16 - An Bíobla Naofa 1981 ach bhí a súile coinnithe chun nach n‑aithneoidís é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach bhí rud éigin ar a súile nár lig dóibh a aithint. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht congbhuigheadh a súla chun nach n-aithnigheadh siad é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do coisceadh a súile gan a aithint. Agus adubhairt sé leo, Créad é an t‐adhbhar cainnte atá agaibh, sa tsiubhal daoibh? Agus do stadadar, agus cuma an bhróin ortha. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd do cungmhadh a súilesion, ionnus nach aitheonchaidís é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do coimeádadh a súile gan é dh’aithint. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ach bhí a súile coinnithe chun nach n-aithneoidís é. |
Ina dhiaidh sin thaispeáin sé é féin, i riocht eile, do bheirt acu agus iad ar an tslí ag gabháil amach faoin tuath.
Agus sa chomhrá dóibh agus sa chur trí chéile, dhruid Íosa féin leo agus shiúil lena gcois;
Dúirt sé leo: “Cad iad na scéala iad seo atá sibh a reic le chéile sa tslí?” Agus stad siad suas agus iad go gruama.
Arna rá sin di, d'iompaigh sí thart agus chonaic sí Íosa ina sheasamh ansiúd ach nár aithin sí gurbh é Íosa é.
Nuair a tháinig an mhaidin, bhí Íosa ina sheasamh ar an trá, ach ní raibh a fhios ag a dheisceabail gurbh é Íosa é.