Ach bhí siadsan ag machnamh mar seo ina gcroí: “Mar nár thugamar an t‑arán linn.”
Lúcás 24:15 - An Bíobla Naofa 1981 Agus sa chomhrá dóibh agus sa chur trí chéile, dhruid Íosa féin leo agus shiúil lena gcois; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Chomh fada agus a bhí siadsan ag comhrá agus ag cíoradh an scéil, tháinig Íosa é féin i ndeas dóibh agus chuaigh sé leo. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thárla, nuair a bhí siad ag scéalaidheacht agus ag ceistiughadh a chéile, go dtáinic Íosa é féin chuca agus go ndeachaidh sé leo; Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tharla, agus iad ag cainnt agus ag cómhrádh le chéile, gur tharraing Íosa féin ’n‐a n‐aice, agus gur shiubhail sé i n‐éinfheacht leo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla, ar mbeith ag comhrádh dhóibh agus ag ceasdúghadh ré chéile, go dtáinic Iósa féin, agus gur shiubháil sé léo. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do thárla, agus iad ag cómhrádh agus ag tagairt eatartha féin, go dtáinig Íosa chúcha agus gur shiubhluigh sé le n-a gcois; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus sa chomhrá dóibh agus sa chur trí chéile, dhruid Íosa féin leo agus shiúil lena gcois; |
Ach bhí siadsan ag machnamh mar seo ina gcroí: “Mar nár thugamar an t‑arán linn.”
Óir, mar a mbíonn beirt nó triúr tagtha i gceann a chéile i m'ainmse, bím féin ansin ina measc.”
agus bhí siad ag comhrá le chéile faoi na nithe seo uile a bhí tar éis titim amach.
Le linn na cainte sin dóibh, sheas sé féin ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!”